Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Ríthe 17:1-13 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Dúirt Éilias an Tisbíoch ó Thisbé i nGileád le hAcháb: “Dar an Tiarna beo, Dia Iosrael, dá ndéanaim seirbhís, ní thiocfaidh drúcht ná fearthainn sna blianta beaga romhainn, ach de réir mar ordóidh mise.”

2. Tháinig briathar an Tiarna chuige á rá:

3. “Imigh leat as an áit seo, gabh soir agus téigh i bhfolach i nGleann Chéirít atá taobh thoir den Iordáin.

4. Bí ag ól as an sruthán agus thug mé ordú do na fiacha bia a sholáthar duit ansin.”

5. Rinne sé mar a dúirt an Tiarna leis; d'imigh sé agus d'fhan sé i nGleann Chéirít atá taobh thoir den Iordáin.

6. Thugadh na fiacha arán chuige ar maidin agus feoil um thráthnóna, agus d'óladh sé uisce an tsrutháin.

7. Ar ball beag chuaigh an sruthán i ndísc toisc nach raibh fearthainn sa tír.

8. Ansin tháinig briathar an Tiarna chuige á rá:

9. “Éirigh agus imigh leat go Zárafat, cathair Shíodónach, agus fan ansin. Thug mé ordú, féach, do bhaintreach ansiúd thú a chothú.”

10. D'éirigh sé agus d'imigh mar sin go Zárafat. Nuair a bhain sé geata na cathrach amach, bhí baintreach ann ag cruinniú brosna. Chuir sé forrán uirthi agus dúirt: “Tabhair chugam le do thoil braoinín uisce i soitheach, ionas go mbeadh deoch uisce agam.”

11. Bhí sí ar tí imeacht faoina choinne nuair a ghlaoigh sé uirthi: “Ar mhiste leat,” ar sé, “blúire aráin a thabhairt chugam i do láimh.”

12. “Dar an Tiarna do Dhia beo,” a d'fhreagair sí, “níl builín aráin ar bith agam, níl ach glac mine i bpróca agus braoinín ola i gcrúiscín. Tá mé ag cruinniú cipín nó dhó anois roimh dhul isteach chun an méid sin a ullmhú dom féin agus do mo mhac le hithe, agus ansin gheobhaimid bás.”

13. Ach dúirt Éilias léi: “Ná bíodh eagla ort, imigh agus déan mar a dúirt tú, ach déan toirtín beag domsa as i dtús ama, agus tabhair chugam é, agus ina dhiaidh sin déan tuilleadh duit féin agus do do mhac.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Ríthe 17