Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Ríthe 16:17-32 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

17. Scoir Omraí, agus Iosrael go léir mar aon leis, den léigear ar Ghibeatón, agus chuireadar léigear ar Thirzeá.

18. Nuair a chonaic Zimrí go raibh an chathair gafa chuaigh sé isteach i ndún phálás an rí, chuir an pálás trí thine sa mhullach air féin agus fuair bás,

19. de bharr na bpeacaí a rinne sé ag déanamh an oilc i láthair an Tiarna, ag déanamh aithris ar Iarobám, agus an pheaca inar threoraigh sé Iosrael.

20. An chuid eile de stair Zimrí, an chomhcheilg a rinne sé, nach bhfuil sin uile scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iosrael?

21. Rinneadh dhá pháirtí de mhuintir Iosrael ansin; lean leath an phobail Tibní mac Ghíonat le rí a dhéanamh de, agus an leath eile Omraí.

22. Fuair an páirtí a lean Omraí an lámh in uachtar ar an bpáirtí a lean Tibní. Fuair Tibní bás, agus rinneadh rí de Omraí.

23. San aonú bliain tríochad de réimeas Ásá rí Iúdá, tháinig Omraí i gcoróin ar Iosrael agus bhí sé i réim ar feadh dhá bhliain déag. Bhí sé sé bliana i réim i dTirzeá.

24. Ansin cheannaigh sé sliabh (na Samáire) ó Sheimir ar dhá thallann airgid agus thóg sé cathair air agus thug sé an tSamáir uirthi ó Sheimir, an té ar leis an sliabh.

25. Rinne Omraí an t‑olc i bhfianaise an Tiarna, agus sháraigh sé ar ghabh roimhe go léir lena dhrochbhearta.

26. Rinne sé aithris chruinn ar Iarobám mac Nabát agus ar na peacaí inar threoraigh sé Iosrael, ag griogadh an Tiarna, Dia Iosrael, chun feirge lena n‑íola baotha.

27. An chuid eile de stair Omraí, a imeachtaí, agus a ghaisce, nach bhfuil sin uile scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iosrael?

28. Ansin chuaigh Omraí chun suain lena shinsir agus cuireadh é sa tSamáir. Tháinig a mhac Acháb i gcomharbacht air.

29. Tháinig Acháb mac Omraí i gcoróin ar Iosrael san ochtú bliain tríochad de réimeas Ásá rí Iúdá, agus bhí sé ina rí ar Iosrael sa tSamáir ar feadh dhá bhliain agus fiche.

30. Rinne Acháb mac Omraí an t‑olc i bhfianaise an Tiarna agus sháraigh sé ar ghabh roimhe go léir lena dhrochbhearta.

31. Ba é ba lú a rinne sé ná aithris a dhéanamh ar Iarobám mac Nabát; phós sé Ízeibil iníon Eatbál rí na Síodónach, agus ansin chrom sé ar fhónamh do Bhál agus é a adhradh.

32. Thóg sé altóir do Bhál i dteampall Bhál a thóg sé dó sa tSamáir.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Ríthe 16