9. San fhichiú bliain de réimeas Iarobám rí Iosrael tháinig Ásá i gcoróin ar Iúdá,
10. agus rialaigh sé bliain agus daichead in Iarúsailéim.
11. Mácá iníon Aibseálóm b'ainm dá mháthair. Rinne Ásá an ceart i láthair an Tiarna mar a rinne a athair Dáiví.
12. Dhíbir sé ón tír na striapacha naofa fir agus scuab sé chun siúil na híola go léir a rinne a shinsir.
13. Bhain sé dínit na ríonmháthar fiú dá mháthair mar go ndearna sí dealbh ghráiniúil de Aiséará. Ghearr Ásá an dealbh anuas agus dhóigh sé i nGleann Chidreon í.
14. Cé nár scuabadh chun siúil na hardionaid, bhí croí Ásá dílis go hiomlán don Tiarna i gcaitheamh a shaoil.
15. Chuir sé isteach i dTeampall an Tiarna na tabhartais a thíolaic a athair, agus é féin, idir ór agus airgead agus ghréithe.
16. Bhí Ásá agus Báiseá rí Iosrael ag cogaíocht le chéile i gcaitheamh a ré go léir.