Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Ríthe 15:23-34 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

23. An chuid eile de stair Ásá, a ghaisce go léir, agus a imeachtaí ar fad (agus na cathracha a thóg sé), nach bhfuil sin uile scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iúdá? Ina sheanaois, ámh, bhí na cosa ag goilliúint air.

24. Chuaigh Ásá chun suain lena shinsir agus cuireadh é i nDúnfort Dháiví, a shinsear. Tháinig Iahóiseáfát, a mhac, i gcomharbacht air.

25. Tháinig Nádáb mac Iarobám i gcoróin ar Iosrael sa dara bliain de réimeas Ásá rí Iúdá, agus bhí sé dhá bhliain ina rí ar Iosrael.

26. Rinne sé an t‑olc i láthair an Tiarna, agus lean sé drochshampla a athar agus rinne aithris ar an bpeaca inar threoraigh sé Iosrael chun peacú.

27. Rinne Báiseá mac Aichíá de theaghlach Íosácár comhcheilg ina aghaidh agus threascair Báiseá é ag Gibeatón, cathair leis na Filistínigh a bhí faoi léigear ag Nádáb agus ag Iosrael go léir.

28. Mharaigh Báiseá Nádáb agus tháinig i gcomharbacht air sa tríú bliain de réimeas Ásá rí Iúdá.

29. A luaithe agus a tháinig sé i gcoróin, bhásaigh sé teaghlach Iarobám ar fad, gan anacal a dhéanamh ar oiread agus duine beo, ach iad go léir a ídiú, díreach faoi mar a thairngir briathar an Tiarna a labhair sé trína shearbhónta Aichíá ó Shileo,

30. de bharr peacaí Iarobám agus na bpeacaí inar threoraigh sé Iosrael chun peacú agus de bhrí gur ghriog sé an Tiarna, Dia Iosrael, chun feirge.

31. An chuid eile de stair Nádáb, a imeachtaí go léir, nach bhfuil sin uile scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iosrael?

32. (Bhí Ásá agus Báiseá ag cogaíocht le chéile i gcaitheamh a ré go léir.)

33. Sa tríú bliain de ré Ásá rí Iúdá, tháinig Báiseá, mac Aichíá, i gcoróin ar Iosrael ag Tirzeá, agus mhair a ré ceithre bliana fichead.

34. Rinne sé an t‑olc i láthair an Tiarna agus rinne sé aithris ar Iarobám agus ar an bpeaca inar threoraigh sé Iosrael chun peacú.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Ríthe 15