Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Ríthe 15:1-10 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. San ochtú bliain déag de réimeas Iarobám mac Nabát tháinig Aibíám i gcoróin ar Iúdá.

2. Bhí sé i réim ar feadh trí bliana in Iarúsailéim. Mácá, iníon Aibseálóm, ab ainm dá mháthair.

3. Lean sé sampla peacúil a athar roimhe i ngach ní. Ní raibh a chroí dílis ar fad don Tiarna faoi mar a bhí croí Dháiví a shinsear.

4. Dá ainneoin sin, ar son Dháiví, a athair, thug an Tiarna a Dhia lóchrann dó in Iarúsailéim, chinntigh mac ina dhiaidh agus dhaingnigh Iarúsailéim.

5. Óir rinne Dáiví an ceart i bhfianaise an Tiarna agus níor dhiúltaigh sé riamh i gcaitheamh a shaoil déanamh mar a d'ordaigh sé (seachas i gcas Úiríá an Hiteach).

6. (Bhí Aibíám agus Iarobám ag cogaíocht le chéile i gcaitheamh a ré.)

7. An chuid eile de stair Aibíám, a imeachtaí go léir, nach bhfuil siad scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iúdá? Bhí cogadh idir Aibíám agus Iarobám.

8. Ansin chuaigh Aibíám chun suain lena shinsir, agus cuireadh é i nDúnfort Dháiví. Tháinig a mhac Ásá i gcoróin ina áit.

9. San fhichiú bliain de réimeas Iarobám rí Iosrael tháinig Ásá i gcoróin ar Iúdá,

10. agus rialaigh sé bliain agus daichead in Iarúsailéim.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Ríthe 15