Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Ríthe 14:14-25 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

14. Ardóidh an Tiarna rí dó féin ar Iosrael a dhéanfaidh teaghlach Iarobám a scrios. (Inniu an lá. Agus cad eile anois?)

15. Cuirfidh an Tiarna Iosrael ar crith dála na giolcaí san uisce, agus stoithfidh sé Iosrael as an tír fhónta a thug sé dá sinsir, agus scaipfidh sé thar an Eofrataes iad mar gur ghriogadar an Tiarna chun feirge leis na cuaillí naofa a rinneadar.

16. Tabharfaidh sé cúl le hIosrael de bharr na bpeacaí lenar pheacaigh Iarobám agus a thug sé ar Iosrael a dhéanamh.”

17. Ansin d'éirigh bean Iarobám agus d'imigh léi agus tháinig go Tirzeá, agus a luaithe a chuir sí cos thar tairseach, bhí an leanbh marbh.

18. Rinne Iosrael go léir é a adhlacadh agus a chaoineadh, de réir bhriathar an Tiarna, a labhair sé ó bhéal a shearbhónta, an fáidh Aichíá.

19. An chuid eile de stair Iarobám, na cogaí a d'fhear sé, conas a rialaigh sé, tá sin go léir scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iosrael.

20. Bhí Iarobám i réim dhá bhliain agus fiche agus chuaigh sé chun suain lena shinsir agus tháinig a mhac Nádáb i gcomharbacht air.

21. Rinneadh rí ar Iúdá de Rachabám mac Sholaimh. Bhí Rachabám bliain agus daichead nuair a tháinig sé i gcoróin, agus bhí sé i gcoróin seacht mbliana déag in Iarúsailéim, an chathair ar threibheanna Iosrael a thogh an Tiarna lena ainm a chur inti. Námá an tAmónach ab ainm dá mháthair.

22. Agus rinne [sé] an t‑olc i bhfianaise an Tiarna, ag cur míchéadfa air lena pheacaí thar mar a rinne a shinsir leis na peacaí go léir a rinneadar,

23. mar thógadarsan ardionaid dóibh féin, agus galláin, agus cuaillí naofa ar gach sliabh ard agus faoi gach crann craobhach.

24. Bhí fiú striapacha naofa fir sa tír. Rinne sé aithris ar na nósanna bréana a bhí ag na ciníocha go léir a dhíbir an Tiarna roimh chlann Iosrael.

25. Sa chúigiú bliain de réimeas Rachabám, tháinig Síseac rí na hÉigipte aníos i gcoinne Iarúsailéim;

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Ríthe 14