10. Dá bharr sin tabharfaidh mé tubaiste ar theach Iarobám; scriosfaidh mé gach mac máthar de mhuintir Iarobám, idir dhaor is shaor in Iosrael; scuabfaidh mé teaghlach Iarobám chun siúil faoi mar a scuabann duine aoileach chun siúil go dtí nach mbíonn ruainne fágtha.
11. Aon duine de mhuintir Iarobám a gheobhaidh bás sa chathair, íosfaidh na madraí iad; aon daoine díobh a gheobhaidh bás faoin tuath, alpfaidh éanlaith an aeir iad; mar tá labhartha ag an Tiarna.’
12. “Éirigh dá bhrí sin agus imigh abhaile. A luaithe a leagfaidh tú cos leat sa chathair gheobhaidh an leanbh bás.
13. Déanfaidh Iosrael go léir é a chaoineadh, agus é a adhlacadh. Eisean amháin de mhuintir Iarobám a rachaidh i dtuama, mar is ann amháin de theaghlach Iarobám a fuarthas ábhar taitnimh leis an Tiarna Dia Iosrael.
14. Ardóidh an Tiarna rí dó féin ar Iosrael a dhéanfaidh teaghlach Iarobám a scrios. (Inniu an lá. Agus cad eile anois?)
15. Cuirfidh an Tiarna Iosrael ar crith dála na giolcaí san uisce, agus stoithfidh sé Iosrael as an tír fhónta a thug sé dá sinsir, agus scaipfidh sé thar an Eofrataes iad mar gur ghriogadar an Tiarna chun feirge leis na cuaillí naofa a rinneadar.
16. Tabharfaidh sé cúl le hIosrael de bharr na bpeacaí lenar pheacaigh Iarobám agus a thug sé ar Iosrael a dhéanamh.”
17. Ansin d'éirigh bean Iarobám agus d'imigh léi agus tháinig go Tirzeá, agus a luaithe a chuir sí cos thar tairseach, bhí an leanbh marbh.
18. Rinne Iosrael go léir é a adhlacadh agus a chaoineadh, de réir bhriathar an Tiarna, a labhair sé ó bhéal a shearbhónta, an fáidh Aichíá.
19. An chuid eile de stair Iarobám, na cogaí a d'fhear sé, conas a rialaigh sé, tá sin go léir scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iosrael.
20. Bhí Iarobám i réim dhá bhliain agus fiche agus chuaigh sé chun suain lena shinsir agus tháinig a mhac Nádáb i gcomharbacht air.
21. Rinneadh rí ar Iúdá de Rachabám mac Sholaimh. Bhí Rachabám bliain agus daichead nuair a tháinig sé i gcoróin, agus bhí sé i gcoróin seacht mbliana déag in Iarúsailéim, an chathair ar threibheanna Iosrael a thogh an Tiarna lena ainm a chur inti. Námá an tAmónach ab ainm dá mháthair.
22. Agus rinne [sé] an t‑olc i bhfianaise an Tiarna, ag cur míchéadfa air lena pheacaí thar mar a rinne a shinsir leis na peacaí go léir a rinneadar,
23. mar thógadarsan ardionaid dóibh féin, agus galláin, agus cuaillí naofa ar gach sliabh ard agus faoi gach crann craobhach.