Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Ríthe 14:1-4 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. San am sin buaileadh tinn Aibíá mac Iarobám.

2. Agus dúirt Iarobám lena bhean: “Téanam, le do thoil! Cuir bréagriocht ort féin ionas nach n‑aithneoidh aon duine gur tú bean Iarobám, agus téigh go Sileo. Tá an fáidh Aichíá ansiúd, an té a dúirt go mbeinnse i mo rí ar an bpobal seo.

3. Téigh chuige agus beir leat deich mbuilín agus roinnt cístí agus crúiscín meala, agus inseoidh sé duit cad a imeoidh ar an leanbh.”

4. Rinne bean Iarobám amhlaidh, chuir chun bóthair, chuaigh go Sileo agus tháinig go teach Aichíá. Ní raibh aon radharc ag Aichíá mar go raibh a shúile caoch ón tseanaois.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Ríthe 14