Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Ríthe 11:31-40 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

31. Dúirt sé le Iarobám: “Beir leat deich stiall faoi do choinne féin, óir is mar seo a labhraíonn an Tiarna Dia Iosrael: ‘Táim ag dul a stróiceadh na ríochta ó lámha Sholaimh agus tabharfaidh mé deich dtreibh duitse.

32. (Coinneoidh sé aon treibh amháin ar son Dháiví, mo shearbhónta, agus ar son Iarúsailéim an chathair atá tofa agam as treibheanna uile Iosrael)

33. mar gur thréig sé mé agus gur thug sé ómós d'Aisteárat bandia na Síodónach, agus do Chamóis dia Mhóáb, agus do Mhiolcom dia na nAmónach; níor lean sé mo bhealaí, agus an ceart a dhéanamh i mo láthair, ná mo dhlíthe ná mo reachtarnna a chomhlíonadh mar a rinne Dáiví a athair.

34. Ní sracfaidh mé an ríocht ar fad mar sin féin as a láimh, mar go ndearna mé prionsa de fad a mhairfidh sé ar son mo shearbhónta Dáiví a thogh mé, a choimeád m'aitheanta agus mo dhlíthe.

35. Stoithfidh mé an ríocht as láimh a mhic, áfach, agus tabharfaidh mé duitse í, deich dtreibh.

36. Ach tabharfaidh mé aon treibh amháin dá mhac, ionas go mbeidh lóchrann i mo láthair i gcónaí ag mo shearbhónta Dáiví i m'fhianaise i Iarúsailéim, an chathair a thogh mé mar áit chónaithe do m'ainm.

37. Béarfaidh mé tusa liom, agus rialóidh tú ar oiread agus is mian leat, agus beidh tú i do rí ar Iosrael.

38. Má éisteann tú le m'orduithe go léir duit agus má leanann tú mo shlite, agus má dhéanann tú an ceart i mo láthair, ag comhlíonadh mo dhlíthe agus m'aitheanta, mar a rinne Dáiví mo shearbhónta, beidh mé in éineacht leat, agus tógfaidh mé teach daingean duit, mar a rinne mé do Dháiví, agus tabharfaidh mé Iosrael duit,

39. agus ar an gcuma sin déanfaidh mé sliocht Dháiví a umhlú, ach ní go deo é.’ ”

40. Rinne Solamh iarracht ar Iarobám a mharú, ach d'éalaigh seisean leis agus theith chun na hÉigipte go Síseac rí na hÉigipte, agus d'fhan sé san Éigipt go bhfuair Solamh bás.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Ríthe 11