Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Ríthe 1:4-17 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

4. Bhí barr scéimhe ag an ógbhean agus thug sí aire don rí agus d'fhreastail air, ach níor luigh an rí léi.

5. Tháinig éirí in airde ar Adoiníá mac Haigít agus mheas sé go mbeadh sé féin ina rí. Fuair sé seisreach agus carbad dá bhrí sin agus caoga fear le rith roimhe.

6. Ní dhearna a athair trasnáil air riamh á fhiafraí de: “Cén fáth a ndearna tú a leithéid seo?” Fear an-dathúil ab ea é agus rug a mhathair é i ndiaidh Aibseálóm.

7. Chuaigh sé i gcomhairle le Ióáb mac Zarúá agus leis an sagart Aibíátár, agus leanadarsan é agus chabhraíodar leis.

8. Ach Zádóc an sagart agus Banáiá mac Iahóideá, agus Nátán fáidh, agus Simeí agus a chomrádaithe, gaiscígh Dháiví, níor thugadar a dtacaíocht d'Adoiníá.

9. Lá dá raibh Adoiníá ag íobairt caorach agus damh agus gamhna biata ag Gallán an tSleamhnáin atá taobh le Tobar an Úcaire, thug sé cuireadh dá bhráithre go léir, clann an rí, agus a raibh d'fhir Iúdá ag seirbhís don rí,

10. ach níor thug sé cuireadh do Nátán fáidh, ná do Bhanáiá ná do na gaiscígh ná do Sholamh a dheartháir.

11. Ansin dúirt Nátán le Baitseaba, máthair Sholaimh: “Nár chuala tú go ndearnadh rí d'Adoiníá mac Haigít gan fhios do Dháiví, ár dtiarna?

12. Glac mo chomhairlese anois más ea más mian leat d'anam féin agus anam Sholaimh do mhic a thabhairt slán.

13. Gabh isteach ar an toirt go Dáiví rí agus abair leis: ‘Nár mhionnaigh tú, a thiarna rí, do do bhansearbhónta á rá: “Beidh Solamh do mhac ina rí i mo dhiaidh, agus sé a shuífidh i mo ríchathaoir”? Conas, mar sin, go bhfuil Adoiníá ina rí?’

14. Agus fad a bheidh tú ag caint leis an rí, tiocfaidh mise isteach i do dhiaidh agus tabharfaidh mé tacaíocht do do chaint.”

15. Isteach le Baitseaba go dtí an rí mar a raibh sé ina sheomra (bhí an rí an-aosta agus bhí Aibíseag ó Shiúnaem ag freastal air).

16. Chrom Baitseaba chun talún ag déanamh ómóis don rí, agus dúirt an rí: “Céard is mian leat?”

17. “A thiarna,” ar sí, “mhionnaigh tú do do bhansearbhónta dar an Tiarna do Dhia: ‘Beidh Solamh do mhac ina rí i mo dhiaidh, agus sé a shuífidh i mo ríchathaoir.’

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Ríthe 1