Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Ríthe 1:37-52 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

37. Go raibh an Tiarna le Solamh faoi mar a bhí sé le mo thiarna an rí, agus go méadaí sé a ríchathaoir níos mó fiú ná mar a bhí ríchathaoir mo thiarna Dáiví rí!”

38. Ansin ghabh Zádóc an sagart, Nátán fáidh, Banáiá mac Iahóideá, na Ceiréitigh agus na Peiléitigh síos; chuir siad Solamh ar muin mhiúil Dháiví rí agus thugadar leo é go Gíohón.

39. Thóg Zádóc an adharc ola ón bpuball agus d'ungaigh sé Solamh. Shéid siad an stoc agus chuir an pobal go léir gáir suas: “Fad saoil do Sholamh rí!”

40. Lean na daoine go léir suas é le ceol píob agus liúireach agus gártha a chuir an talamh ar crith.

41. Chuala Adoiníá agus na haíonna a bhí in éineacht leis an gheoin agus iad ag deireadh a mbéile. Nuair a chuala Ióáb glór an stoic dúirt sé: “Cén gheoin chorraíola í seo sa chathair?

42. Fad a bhí sé ag caint tháinig Iónátán mac Aibíátár an sagart ar an láthair. “Tar isteach,” arsa Adoiníá, “is duine ionraic thú agus tá dea-scéala leat, ní foláir.”

43. “Níl,” ar sé leis, “mar rinne ár dtiarna, Dáiví rí, rí de Sholamh.

44. Chuir an rí Zádóc an sagart leis, agus Nátán fáidh, agus Banáiá mac Iahóideá, agus na Ceiréitigh agus na Peiléitigh; chuir siad ar muin mhiúil an rí é;

45. agus rinne Zádóc an sagart agus Nátán fáidh é a ungadh ina rí ag Gíohón; agus ghabhadar suas ón áit sin le gártha áthais agus tá an chathair anois ina cíor thuathail; sin í an gheoin a chuala sibh.

46. Agus, mar rud eile, tá Solamh ina shuí sa chathaoir ríoga,

47. agus de bhreis air sin, rinne oifigigh an rí gairdeas lenár dtiarna Dáiví rí leis na focail: ‘Go ndéana do Dhia ainm Sholaimh níos glórmhaire fiú ná d'ainmse agus go móra sé a ríchathaoir fiú thar do ríchathaoir féin!’ Agus chrom an rí a cheann sa leaba

48. agus dúirt sé: ‘Moladh leis an Tiarna Dia Iosrael, a dheonaigh duine de mo shliocht a shuí i mo ríchathaoir inniu agus mé a fheiceáil le mo shúile cinn.’ ”

49. Ansin tháinig scéin ar a raibh ar cuireadh ag Adoiníá agus d'éiríodar agus d'imíodar leo, gach duine díobh ag tabhairt a bhóthair féin air féin.

50. D'éirigh Adoiníá chomh maith, agus, le barr eagla roimh Sholamh, rith sé leis agus rug ar bheanna na haltóra.

51. Tugadh an scéala go dtí Solamh rí: “Féach, tá eagla ar Adoiníá roimh Sholamh rí; tá greim aige ar bheanna na haltóra agus é á rá: ‘Tugadh Solamh rí a mhionn dom ar dtús nach maróidh sé a shearbhónta le faobhar claímh.’ ”

52. “Má iompraíonn sé é féin go hionraic,” a d'fhreagair Solamh, “ní thitfidh ribe dá chuid gruaige chun talún; ach má fhaightear mailíseach é, cuirfear chun báis é.”

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Ríthe 1