Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Ríthe 1:31-43 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

31. Ansin chrom Baitseaba chun talún in ómós don rí: “Go maire mo thiarna Dáiví rí, go brách,” ar sí.

32. Dúirt Dáiví ansin: “Glaoigí chugam ar Zádóc an sagart, ar Nátán fáidh, agus ar Bhanáiá mac Iahóideá,” agus thángadarsan i láthair an rí.

33. “Tugaigí libh garda bhur dtiarna,” arsa an rí, “agus cuirigí Solamh ar muin mo mhiúile féin, agus tugaigí libh síos go Gíohón é.

34. Déanfaidh Zádóc an sagart agus Nátán fáidh é a ungadh ina rí ar Iosrael ansiúd. Ansin séidigí an stoc agus cuirigí gáir suas: ‘Fad saoil do Sholamh rí!’

35. Ansin leanaigí aníos é agus tagadh sé agus suíodh sé i mo ríchathaoir agus beidh sé ina rí i m'ionadsa, óir eisean an té a cheap mé mar rialtóir ar Iosrael agus ar Iúdá.”

36. D'fhreagair Banáiá mac Iahóideá an rí: “Amen,” ar sé, “agus go gcuire an Tiarna chomh maith [Amen le focail] mo thiarna an rí.

37. Go raibh an Tiarna le Solamh faoi mar a bhí sé le mo thiarna an rí, agus go méadaí sé a ríchathaoir níos mó fiú ná mar a bhí ríchathaoir mo thiarna Dáiví rí!”

38. Ansin ghabh Zádóc an sagart, Nátán fáidh, Banáiá mac Iahóideá, na Ceiréitigh agus na Peiléitigh síos; chuir siad Solamh ar muin mhiúil Dháiví rí agus thugadar leo é go Gíohón.

39. Thóg Zádóc an adharc ola ón bpuball agus d'ungaigh sé Solamh. Shéid siad an stoc agus chuir an pobal go léir gáir suas: “Fad saoil do Sholamh rí!”

40. Lean na daoine go léir suas é le ceol píob agus liúireach agus gártha a chuir an talamh ar crith.

41. Chuala Adoiníá agus na haíonna a bhí in éineacht leis an gheoin agus iad ag deireadh a mbéile. Nuair a chuala Ióáb glór an stoic dúirt sé: “Cén gheoin chorraíola í seo sa chathair?

42. Fad a bhí sé ag caint tháinig Iónátán mac Aibíátár an sagart ar an láthair. “Tar isteach,” arsa Adoiníá, “is duine ionraic thú agus tá dea-scéala leat, ní foláir.”

43. “Níl,” ar sé leis, “mar rinne ár dtiarna, Dáiví rí, rí de Sholamh.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Ríthe 1