Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Ríthe 1:26-37 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

26. Ach níor thug sé cuireadh domsa, do shearbhónta, ná do Zádóc an sagart, do Bhanáiá mac Iahóideá ná do do shearbhónta Solamh.

27. An le cead mo thiarna, an rí, a rinneadh é sin? An amhlaidh nár inis tú don mhuintir atá dílis duit cé tá le suí i gcathaoir mo thiarna an rí i gcomharbacht air?”

28. Ansin labhair Dáiví rí: “Glaoigh chugam ar Bhaitseaba,” ar sé. Agus tháinig sise i láthair an rí agus sheas os a chomhair.

29. Thug an rí mionn agus dúirt: “Dar an Tiarna beo, an té a d'fhuascail mé ó gach gábh,

30. cuirfidh mé i gcrích inniu féin an ní a mhionnaigh mé duit dar an Tiarna Dia Iosrael á rá: ‘Solamh do mhac a bheidh ina rí i mo dhiaidh agus a shuífidh i mo ríchathaoir i m'áit.’ ”

31. Ansin chrom Baitseaba chun talún in ómós don rí: “Go maire mo thiarna Dáiví rí, go brách,” ar sí.

32. Dúirt Dáiví ansin: “Glaoigí chugam ar Zádóc an sagart, ar Nátán fáidh, agus ar Bhanáiá mac Iahóideá,” agus thángadarsan i láthair an rí.

33. “Tugaigí libh garda bhur dtiarna,” arsa an rí, “agus cuirigí Solamh ar muin mo mhiúile féin, agus tugaigí libh síos go Gíohón é.

34. Déanfaidh Zádóc an sagart agus Nátán fáidh é a ungadh ina rí ar Iosrael ansiúd. Ansin séidigí an stoc agus cuirigí gáir suas: ‘Fad saoil do Sholamh rí!’

35. Ansin leanaigí aníos é agus tagadh sé agus suíodh sé i mo ríchathaoir agus beidh sé ina rí i m'ionadsa, óir eisean an té a cheap mé mar rialtóir ar Iosrael agus ar Iúdá.”

36. D'fhreagair Banáiá mac Iahóideá an rí: “Amen,” ar sé, “agus go gcuire an Tiarna chomh maith [Amen le focail] mo thiarna an rí.

37. Go raibh an Tiarna le Solamh faoi mar a bhí sé le mo thiarna an rí, agus go méadaí sé a ríchathaoir níos mó fiú ná mar a bhí ríchathaoir mo thiarna Dáiví rí!”

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Ríthe 1