Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Ríthe 1:23-35 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

23. “Seo é Nátán fáidh,” ar siad leis an rí. Agus nuair a tháinig sé isteach i láthair an rí chrom sé chun talún os comhair an rí.

24. “A thiarna rí liom,” arsa Nátán, “an mar seo, más ea, a bheartaigh tú: ‘Adoiníá a bheidh ina rí i mo dhiaidhse: eisean atá le suí i mo ríchathaoir’?

25. Mar ghabh sé síos inniu agus rinne sé daimh agus gamhna biata agus caoirigh a íobairt go raidhsiúil, agus thug sé cuireadh do chlann mhac an rí go léir, do cheannairí an airm, agus d'Aibíátár an sagart; agus tá siad anois ag ithe agus ag ól ina láthair agus ag cur gáire suas: ‘Fad saoil don rí Adoiníá.’

26. Ach níor thug sé cuireadh domsa, do shearbhónta, ná do Zádóc an sagart, do Bhanáiá mac Iahóideá ná do do shearbhónta Solamh.

27. An le cead mo thiarna, an rí, a rinneadh é sin? An amhlaidh nár inis tú don mhuintir atá dílis duit cé tá le suí i gcathaoir mo thiarna an rí i gcomharbacht air?”

28. Ansin labhair Dáiví rí: “Glaoigh chugam ar Bhaitseaba,” ar sé. Agus tháinig sise i láthair an rí agus sheas os a chomhair.

29. Thug an rí mionn agus dúirt: “Dar an Tiarna beo, an té a d'fhuascail mé ó gach gábh,

30. cuirfidh mé i gcrích inniu féin an ní a mhionnaigh mé duit dar an Tiarna Dia Iosrael á rá: ‘Solamh do mhac a bheidh ina rí i mo dhiaidh agus a shuífidh i mo ríchathaoir i m'áit.’ ”

31. Ansin chrom Baitseaba chun talún in ómós don rí: “Go maire mo thiarna Dáiví rí, go brách,” ar sí.

32. Dúirt Dáiví ansin: “Glaoigí chugam ar Zádóc an sagart, ar Nátán fáidh, agus ar Bhanáiá mac Iahóideá,” agus thángadarsan i láthair an rí.

33. “Tugaigí libh garda bhur dtiarna,” arsa an rí, “agus cuirigí Solamh ar muin mo mhiúile féin, agus tugaigí libh síos go Gíohón é.

34. Déanfaidh Zádóc an sagart agus Nátán fáidh é a ungadh ina rí ar Iosrael ansiúd. Ansin séidigí an stoc agus cuirigí gáir suas: ‘Fad saoil do Sholamh rí!’

35. Ansin leanaigí aníos é agus tagadh sé agus suíodh sé i mo ríchathaoir agus beidh sé ina rí i m'ionadsa, óir eisean an té a cheap mé mar rialtóir ar Iosrael agus ar Iúdá.”

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Ríthe 1