Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Ríthe 1:1-11 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Seanfhear anonn go maith sna blianta ab ea Dáiví rí agus cé gur chuireadar breis brat air níorbh fhéidir dó é féin a théamh.

2. Dúirt a shearbhóntaí leis: “Faightear ógbhean éigin do mo thiarna an rí agus déanadh sí freastal ar an rí agus tugadh sí aire dó agus luíodh sí ar d'ucht agus coimeádfaidh sin mo thiarna an rí te.”

3. Rinne siad ógbhean sciamhach a chuardach ar fud críocha Iosrael agus fuair siad Aibíseag ó Shiúnaem agus thug siad chun an rí í.

4. Bhí barr scéimhe ag an ógbhean agus thug sí aire don rí agus d'fhreastail air, ach níor luigh an rí léi.

5. Tháinig éirí in airde ar Adoiníá mac Haigít agus mheas sé go mbeadh sé féin ina rí. Fuair sé seisreach agus carbad dá bhrí sin agus caoga fear le rith roimhe.

6. Ní dhearna a athair trasnáil air riamh á fhiafraí de: “Cén fáth a ndearna tú a leithéid seo?” Fear an-dathúil ab ea é agus rug a mhathair é i ndiaidh Aibseálóm.

7. Chuaigh sé i gcomhairle le Ióáb mac Zarúá agus leis an sagart Aibíátár, agus leanadarsan é agus chabhraíodar leis.

8. Ach Zádóc an sagart agus Banáiá mac Iahóideá, agus Nátán fáidh, agus Simeí agus a chomrádaithe, gaiscígh Dháiví, níor thugadar a dtacaíocht d'Adoiníá.

9. Lá dá raibh Adoiníá ag íobairt caorach agus damh agus gamhna biata ag Gallán an tSleamhnáin atá taobh le Tobar an Úcaire, thug sé cuireadh dá bhráithre go léir, clann an rí, agus a raibh d'fhir Iúdá ag seirbhís don rí,

10. ach níor thug sé cuireadh do Nátán fáidh, ná do Bhanáiá ná do na gaiscígh ná do Sholamh a dheartháir.

11. Ansin dúirt Nátán le Baitseaba, máthair Sholaimh: “Nár chuala tú go ndearnadh rí d'Adoiníá mac Haigít gan fhios do Dháiví, ár dtiarna?

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Ríthe 1