Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Macabaech 8:6-13 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

6. Chloígh siad freisin Aintíochas Mór, rí na hÁise, a chuir cath orthu le céad agus a fiche eilifint, le marcshlua agus le harm an-láidir; bhasc siad é.

7. Ghabh siad ina bheatha é, agus d'ordaigh go ndéanfadh sé féin agus a chomharbaí cáin throm a dhíol, gialla a thabhairt,

8. agus cuid de thogha a gcúigí, an Ind, an Mhéide agus Lidia a ghéilleadh dóibh. Thóg siad uaidh iad agus thug iad don rí Eomanaes.

9. Insíodh dó conas mar a bheartaigh na Gréagaigh dul ina gcoinne agus iad a scriosadh,

10. ach go bhfuair [na Rómhánaigh] gaoth an fhocail, agus gur chuir siad aon cheannasaí amháin ina gcoinne agus chuir cogadh orthu; go ndearna siad ár agus eirleach orthu agus gur ghabh siad a mná agus a leanaí ina mbránna, gur chreach siad a maoin, gur chuir a dtír faoi chois, gur leag a ndaingin ar lár, agus gur chuir faoi chuing na daoirse iad go dtí an lá inniu féin.

11. Na ríochtaí agus na hoileáin eile, aon chuid díobh a chuir riamh ina gcoinne, rinne siad iad a scrios agus a chur faoi dhaoirse.

12. Ach maidir lena gcairde agus leis an muintir a bhíonn ag brath orthu, mhair siad i gcónaí cairdiúil leo. Chuir siad ríthe i gcéin agus i gcóngar faoi smacht agus chuir siad scéin ar gach ar chuala a dtásc.

13. An dream ar mian leo cabhrú leo agus go suífidís i ríchathaoir, suíonn siad inti; an dream is mian leo a dhíbirt aisti, díbrítear iad. Tá an cheannasaíocht acu go daingean.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Macabaech 8