Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Macabaech 8:3-19 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

3. faoina raibh déanta acu i dtír na Spáinne le seilbh a fháil ar na mianaigh airgid agus óir ansiúd;

4. conas mar a fuair siad smacht ar an dúiche go léir le neart pleanála agus foighne, d'ainneoin a fhad ó bhaile uathu; conas mar a tháinig ríthe ó imill na cruinne le hiad a ionsaí, agus gur cheansaigh agus gur chloígh siad iad agus gur bhris orthu go tubaisteach, agus conas mar a bhí an chuid eile ag díol cánach leo gach bliain.

5. Pilib agus Peirséas, rí na gCitím, agus daoine eile a d'éirigh amach ina gcoinne, bhris siad orthu ar pháirc an chatha agus chuir faoi chois iad.

6. Chloígh siad freisin Aintíochas Mór, rí na hÁise, a chuir cath orthu le céad agus a fiche eilifint, le marcshlua agus le harm an-láidir; bhasc siad é.

7. Ghabh siad ina bheatha é, agus d'ordaigh go ndéanfadh sé féin agus a chomharbaí cáin throm a dhíol, gialla a thabhairt,

8. agus cuid de thogha a gcúigí, an Ind, an Mhéide agus Lidia a ghéilleadh dóibh. Thóg siad uaidh iad agus thug iad don rí Eomanaes.

9. Insíodh dó conas mar a bheartaigh na Gréagaigh dul ina gcoinne agus iad a scriosadh,

10. ach go bhfuair [na Rómhánaigh] gaoth an fhocail, agus gur chuir siad aon cheannasaí amháin ina gcoinne agus chuir cogadh orthu; go ndearna siad ár agus eirleach orthu agus gur ghabh siad a mná agus a leanaí ina mbránna, gur chreach siad a maoin, gur chuir a dtír faoi chois, gur leag a ndaingin ar lár, agus gur chuir faoi chuing na daoirse iad go dtí an lá inniu féin.

11. Na ríochtaí agus na hoileáin eile, aon chuid díobh a chuir riamh ina gcoinne, rinne siad iad a scrios agus a chur faoi dhaoirse.

12. Ach maidir lena gcairde agus leis an muintir a bhíonn ag brath orthu, mhair siad i gcónaí cairdiúil leo. Chuir siad ríthe i gcéin agus i gcóngar faoi smacht agus chuir siad scéin ar gach ar chuala a dtásc.

13. An dream ar mian leo cabhrú leo agus go suífidís i ríchathaoir, suíonn siad inti; an dream is mian leo a dhíbirt aisti, díbrítear iad. Tá an cheannasaíocht acu go daingean.

14. Dá ainneoin sin go léir, níor chuir aon duine díobh coróin ar a cheann ná fallaing chorcra uime le barr éirí in airde.

15. Ach bhunaigh siad seanad dóibh féin, agus gach lá bíonn trí chéad agus a fiche seanadóirí ag plé conas is fearr a dhéanfaidís an pobal a riaradh.

16. Cuireann siad an rialtas i muinín aon duine amháin ar feadh bliana sa turas, agus bíonn rialú na tíre go léir faoina chúram; géilleann siad go léir don aon duine amháin agus níl éad ná formad ina measc.

17. Thogh Iúdás Eapolamos mac Eoin, mac Acós, agus Iasón mac Eileázár, agus chuir don Róimh iad le cairdeas agus conradh a dhéanamh,

18. agus iad féin a scaoileadh ó chuing na daoirse, mar go bhfaca siad go raibh ríocht na nGréagach ag leagan cuing na daoirse go trom ar Iosrael.

19. Rinne na toscairí an t‑aistear an-fhada go dtí an Róimh, chuaigh isteach i láthair an tseanaid agus labhair mar leanas:

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Macabaech 8