Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Macabaech 8:19-32 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

19. Rinne na toscairí an t‑aistear an-fhada go dtí an Róimh, chuaigh isteach i láthair an tseanaid agus labhair mar leanas:

20. “Chuir Iúdás Macabaech agus a dheartháireacha agus an pobal Giúdach sinn chugaibh le conradh agus síocháin a dhéanamh libh agus le go nglacfaí linn ar liosta bhur gcomhghuaillithe agus bhur gcairde.”

21. D'fháiltigh siadsan roimh an moladh,

22. agus seo cóip den litir a greanadh ar tháblaí cré-umha mar fhreagra, agus a seoladh ar ais go Iarúsailéim le coimeád ag na Giúdaigh mar chuimhneachán ar an tsíth agus ar an gconradh.

23. “Go raibh an rath ar na Rómhánaigh agus ar an gcine Giúdach ar muir agus ar tír go brách, agus i bhfad uathu claíomh agus namhaid.

24. Má chuirtear cogadh ar dtús ar an Róimh nó ar aon cheann dá comhghuaillithe ar fud na himpireachta ar fad,

25. troidfidh an cine Giúdach lena gcroídhícheall leo de réir mar a éileoidh an cás orthu.

26. Ní thabharfaidh siad ná ní sholáthróidh siad grán ná airm ná airgead ná loingeas don namhaid a bhíonn ag fearadh cogaidh; sin mar a chinn an Róimh, agus ní foláir dóibh a ndualgais a chomhlíonadh gan aon ní dá mbarr.

27. Ar an gcuma chéanna, má chuirtear cogadh ar dtús ar an gcine Giúdach, troidfidh na Rómhánaigh gualainn leo le fonn, de réir mar a éileoidh an cás orthu.

28. Ní thabharfar grán ná airm ná airgead ná loingeas do na comhghuaillithe namhadmhara; sin mar a chinn an Róimh, agus ní foláir dóibh a ndualgais a chomhlíonadh gan aon ní dá mbarr.

29. Ar na coinníollacha sin rinne na Rómhánaigh conradh mar sin leis an bpobal Giúdach.

30. Tar éis na coinníollacha sin a theacht i bhfeidhm, má bheartaíonn an dá thaobh ar bhreis a chur leo, nó baint uathu, beidh an cead sin acu, agus beidh an bhreis nó an laghdú bailí.”

31. “Agus maidir leis na héagóracha atá á n‑imirt ag an rí Déimitrias orthu, scríobhamar chuige mar leanas: ‘Cén fáth ar leag tú cuing chomh trom ar ár gcairde agus ar ár gcomhghuaillithe na Giúdaigh?

32. Má iarrann siad cabhair arís i do choinne, déanfaimid a gcearta a chosaint agus cogadh a chur ort ar muir agus ar tír.’ ”

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Macabaech 8