Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Macabaech 7:4-20 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

4. Mharaigh an t‑arm iad dá bhrí sin agus shuigh Déimitrias i ríchathaoir a ríochta.

5. Ansin tháinig na coirpigh agus na haindiagaigh go léir ó Iosrael chuige; i gceannas orthu bhí Alcamas fear ar mhian leis a bheith ina ardsagart.

6. Rinne siad an gearán seo leis an rí mar gheall ar an bpobal: “Mharaigh Iúdás agus a dheartháireacha do chairde go léir, agus dhíbir siad sinne as ár dtailte.

7. Cuir fear chucu dá bhrí sin a bhfuil muinín agat as; téadh sé agus feiceadh sé an tubaiste go léir a thug [Iúdás] orainne agus ar chríocha an rí; agus déanadh sé díoltas orthusan agus ar a lucht cúnta go léir.”

8. Thogh an rí Bacaídéas, duine de chairde an rí, a bhí i gceannas ar an gcúige thar an Abhainn, fear mór le rá sa ríocht a bhí dílis don rí.

9. Chuir sé eisean agus Alcamas na haindiagachta, a bhí ceaptha ina ardsagart aige, agus d'ordaigh dó díoltas a imirt ar chlann Iosrael.

10. D'imigh siad leo dá bhrí sin agus tháinig siad le fórsa tréan go tír Iúdá. Agus chuir siad teachtairí go Iúdás agus a dheartháireacha le tairiscintí fealltacha síochána.

11. Ach níor thug siadsan aon aird ar a gcuid cainte mar go rabhadar tagtha le fórsa láidir.

12. Chuaigh gasra scríobhaithe, ámh, faoi dhéin Alcamas agus Bhacaídéas ag lorg coinníollacha córa síochána.

13. Ba iad na Hasadaeigh ba thúisce ar na hIosraelaigh a d'iarr coinníollacha síochána.

14. Óir dúirt siad: “Tá sagart de shliocht Árón tagtha leis na fórsaí, agus ní dhéanfaidh seisean éagóir orainn.”

15. Rinne sé coinníollacha síochána a phlé leo ceart go leor agus thug sé mionn á rá: “Ní dhéanfaimid aon iarracht ar dhíobháil a dhéanamh daoibhse ná do bhur gcairde.”

16. Chreid siad é, ach ghabh sé trí fichid díobh agus chuir chun báis iad san aon lá amháin, ag comhlíonadh an bhriathair a scríobhadh:

17. “Scaip siad feoil do chuid naomh agus dhoirt siad a gcuid fola ar fud Iarúsailéim, agus gan aon duine acu lena n‑adhlacadh.”

18. Tháinig scéin agus eagla ansin ar an bpobal go léir rompu. “Níl focal fírinne acu ná ceart ar bith ag roinnt leo,” ar siad, “bhris siad a gconradh agus an mionn a thug siad.”

19. D'fhág Bacaídéas Iarúsailéim ansin agus shuigh sé a longfort i mBéit Zaet. Ansin chuir sé tóir ar a lán den mhuintir a thréig é agus ghabh iadsan agus cuid den phobal, agus mharaigh iad agus chaith isteach sa pholl mór iad.

20. Ansin chuir sé Alcamas i gceannas ar an gcúige agus d'fhág sé an t‑arm mar theannta aige. D'fhill Bacaídéas féin ar ais ar an rí.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Macabaech 7