Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Macabaech 7:27-40 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

27. Tháinig Niocánór go Iarúsailéim le fórsa tréan agus le barr fill chuir sé teachtaireacht síochána go Iúdás agus go dtí a dheartháireacha á rá:

28. “Ná bíodh aon chogaíocht idir mise agus tusa; tiocfaidh mise le beagán slua, le go bhféachfaimis san aghaidh ar a chéile go cairdiúil.”

29. Agus tháinig sé go Iúdás, agus bheannaíodar dá chéile go síochánta, ach go raibh an namhaid ullamh le Iúdás a ghabháil.

30. Tuigeadh do Iúdás gur le feall ar intinn aige a tháinig sé chuige; tháinig eagla air agus dhiúltaigh sé bualadh leis arís.

31. Nuair a fuair Niocánór amach go raibh a rún faighte amach, chuir sé cath ar Iúdás ag Cafarsalama.

32. Thit timpeall cúig céad fear d'arm Niocánór agus theith [an chuid eile] go cathair Dháiví.

33. Tar éis na n‑imeachtaí sin ghabh Niocánór suas go Sliabh Shíón. Tháinig cuid de na sagairt amach as an sanctóir agus cuid de na seanóirí ina dteannta, le beannú dó go cairdiúil agus leis an íobairt uileloiscthe a bhí á hofráil don rí a thaispeáint dó.

34. Ach rinne sé fonóid agus magadh fúthu, thruailligh iad agus labhair go dásachtach leo;

35. agus thug sé an mionn seo le barr feirge: “Mura ndéantar Iúdás agus a arm a thabhairt ar láimh dom an uair seo, ansin má fhillim slán cuirfidh mé an teach seo trí thine.” Agus d'imigh sé leis agus fraoch feirge air.

36. Chuaigh na sagairt isteach ansin agus sheasadar os comhair na haltóra agus an Teampaill agus na deora leo agus dúirt siad:

37. “Rinne tú an teach seo a thoghadh le d'ainm a thabhairt air le bheith mar theach urnaí agus impí ag do phobal.

38. Imir díoltas ar an bhfear seo agus ar a arm, agus titidís le faobhar claímh; cuimhnigh ar a ndiamhaslaí agus ná tabhair suaimhneas dóibh.”

39. Ghabh Niocánór amach ó Iarúsailéim agus shuigh sé a longfort i mBéit Horón agus d'aontaigh arm na Síre leis ansiúd.

40. Shuigh Iúdás a longfort in Adasa le trí mhíle fear. Ansin chuir Iúdás guí suas agus dúirt:

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Macabaech 7