Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Macabaech 6:6-19 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

6. Chuala sé go ndeachaigh Lisias le neart slua ar dtús ach gurbh éigean dó iompú agus gur chuir [na Giúdaigh] an ruaig air; gur mhór an méadú nirt dóibh seo na hairm agus an trealamh agus an chreach líonmhar a bhain siad de na fórsaí a bhí treascartha acu.

7. An ghráiniúlacht a thóg seisean os cionn na haltóra in Iarúsailéim, gur leag siad anuas í, agus gur thóg siad ballaí arda timpeall an tsanctóra mar a bhí roimhe sin, agus gur dhaingnigh siad Béit Zúr, cathair dá chuid.

8. Nuair a chuala an rí an scéala sin cuireadh alltacht agus uafás as cuimse air; chaith sé é féin ar a leaba agus tháinig tinneas air le barr díomá mar ní faoi mar a bheartaigh sé a bhí críoch ar a chúrsaí.

9. D'fhan sé ansiúd ar feadh mórán laethanta agus é ag titim go minic i ndroim dubhach trom go dtí gur tuigeadh dó go raibh an bás aige.

10. Chuir sé fios ar a chairde go léir agus dúirt sé leo: “Tá mo shúile gan codladh agus mo chroí scanraithe le himní.

11. Bhí mé á rá liom féín cad é mar chruachás mór é seo inar thit mé agus cad é mar thuile atá ar tí mé a bhá - mise a bhí chomh fial geanúil sin i mbláth mo nirt.

12. Ach cuimhním anois ar an éagóir a rinne mé in Iarúsailéim nuair a ghabh mé na soithí óir agus airgid go léir a bhí ann, agus a d'ordaigh mé muintir Iúdá a dhíothú gan fáth ar bith.

13. Tá mé cinnte dearfa gurb é sin is cúis le mo mhí-ádh agus seo mé ag fáil bháis go dobrónach ar an gcoigcrích.”

14. Chuir sé fios ansin ar Philib, duine dá chairde, agus chuir sé i gceannas ar a ríocht go léir é.

15. Thug sé dó a choróin, a fhallaing, agus a fháinne, ar an tuiscint go múinfeadh sé a mhac Aintíochas agus é a oiliúint don ríogacht.

16. Ansin fuair Aintíochas rí bás ansiúd sa bhliain céad daichead a naoi.

17. Nuair a chuala Lisias go raibh an rí tar éis bháis, chuir sé a mhacsan, Aintíochas, i gcoróin i gcomharbacht air; d'oil [Lisias] eisean óna óige, agus thug sé Eopatór air.

18. Bhí lucht an Dúnfoirt ag bagairt ar na hIosraelaigh timpeall an tsanctóra, agus iad ag faire na faille i gcónaí chun díobháil a dhéanamh dóibh, agus iad ina dtaca láidir ag na págánaigh.

19. Bheartaigh Iúdás nárbh fholáir iad a scriosadh; chruinnigh sé an pobal go léir chun léigear a chur orthu.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Macabaech 6