Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Macabaech 6:40-49 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

40. Bhí cuid d'arm an rí in eagar ar na sléibhte arda, agus a thuilleadh ar na hísleáin, agus iad ag máirseáil ar aghaidh go daingean dea-eagair.

41. An mhuintir go léir a chuala geoin an tslua, trop na saighdiúirí sa siúl, agus cling na n‑arm faobhair, tháinig ballchrith orthu mar ba mhór agus ba thréan é an t‑arm.

42. Ghabh Iúdás agus a arm ar aghaidh chun an chatha a chur agus maraíodh sé chéad fear d'arm an rí.

43. Chonaic Eileázár, ar a dtugtaí Avaran, go raibh fearas catha ríoga ar cheann de na heilifintí, agus gur mhó í ná an chuid eile go léir, agus shíl sé go raibh an rí in airde uirthi.

44. D'íobair sé é féin d'fhonn a mhuintir a shaoradh agus cáil mharthanach a ghnóthú do féin.

45. Rinne sé ruathar isteach i lár an fhalaing d'fhonn teacht uirthi; rinne sé ár ar dheis agus ar chlé agus scaip an namhaid thall agus abhus uaidh.

46. Isteach leis faoin eilifint agus rop a chlaíomh inti agus mharaigh í; ach thit sí sa mhullach air agus fuair sé bás ar an láthair.

47. Nuair a chonaic [na Giúdaigh] neart slua an rí agus fíoch ionsaithe a fhórsaí chúlaigh siad rompu.

48. Chuaigh saighdiúirí arm an rí suas ina n‑aghaidh go Iarúsailéim, agus chuir an rí léigear ar Iúdáia agus ar Shliabh Shíón.

49. Rinne sé síocháin le muintir Bhéit Zúr agus d'fhág siadsan an chathair mar nach raibh lón acu le léigear a sheasamh de bhrí gur bhliain shabóideach í ag an tír.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Macabaech 6