Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Macabaech 5:49-65 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

49. Ansin d'ordaigh Iúdás a fhógairt don slua gach duine a fhanacht mar a raibh aige.

50. Chuaigh na saighdiúirí ina láithreacha catha agus bhí an chathair faoi ionsaí ag Iúdás an lá sin go léir agus an oíche go léir dár gcionn, agus tugadh an chathair ar láimh dó.

51. Chuir sé gach fear inti chun báis le faobhar claímh, scartáil sé í agus chreach í agus mháirseáil tríthi thar choirp na marbh.

52. Ghabh siad thar an Iordáin isteach sa mhachaire mór os comhair Bhéit Seán.

53. Ní dheachaigh aon stad ar Iúdás ach ag gríosadh na muintire a bhí ag teip agus ag tabhairt misnigh don phobal an bealach go léir go tír Iúdá.

54. Ghabh siad Cnoc Shíón suas faoi lúcháir agus áthas, agus d'ofráil siad íobairtí uileloiscthe mar gur fhill siad slán folláin gan duine a chailliúint.

55. Fad a bhí Iúdás agus Iónátán i nGileád agus Síomón a dheartháir sa Ghailíl os comhair Ptolamais,

56. chuala Iósaef, mac Zacairias, agus Azairias, ceannairí an airm, faoina n‑éachtaí agus faoin gcogadh a d'fhear siad,

57. agus dúirt siad: “Tuillimisne ainm in airde dúinn féin chomh maith, agus téimis agus cuirimis cogadh ar na págánaigh inár dtimpeall.”

58. Thug siad orduithe do mhuintir an airm a bhí ina dteannta agus mháirseáil siad i gcoinne Iaimnía.

59. Tháinig Goirgias agus a shluaite amach as an gcathair ina gcoinne, chun catha a chur orthu.

60. Briseadh ar Iósaef agus ar Azairias, agus cuireadh an teitheadh orthu chomh fada le teorainneacha Iúdáia. Thit timpeall dhá mhíle fear de mhuintir Iosrael an lá úd.

61. Briseadh go tubaisteach ar an bpobal an lá sín mar níor thugadar aird ar Iúdás agus ar a dheartháireacha ach iad á mheas go ndéanfaidís féin gaisce.

62. Ní raibh iontu dúchas na bhfear úd ar cuireadh fuascailt Iosrael faoina gcúram.

63. Bhí an fear úd Iúdás agus a dheartháireacha faoi ardmheas in Iosrael go léir agus i measc na bpágánach, cibé áit ina raibh a gcáil le cloisteáil.

64. Bhailigh daoine chucu lena móradh.

65. Ansin ghluais Iúdás agus a dheartháireacha amach agus chuir siad cogadh ar shliocht Éasau sa dúiche ó dheas; ghabh sé Heabrón agus a bhruachbhailte de ruathar; leag sé a dhaingne agus chuir na túir a bhí ina thimpeall trí thine.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Macabaech 5