Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Macabaech 5:44-53 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

44. Ghabh [na Giúdaigh] an chathair, agus chuir siad an tearmann naofa agus gach a raibh ann trí thine. Scriosadh Carnaen ar an gcuma sin, agus níor fhéad an namhaid an fód a sheasamh a thuilleadh in aghaidh Iúdáis.

45. Ansin chruinnigh Iúdás na hIosraelaigh go léir a bhí ag cur fúthu i nGileád, idir bheag agus mhór, agus a mná agus a leanaí agus a maoin, slua an-mhór, le dul go tír Iúdá.

46. Tháinig siad chomh fada le hEafrón; cathair mhór láidir í seo, suite i lár an bhealaigh agus í cóirithe go daingean; níorbh fhéidir dóibh gabháil thairsti ar dheis ná ar chlé, ach gabháil cruinn díreach tríthi.

47. Chuir muintir na cathrach bac orthu dul isteach, ámh, agus dhaingnigh siad na geataí ina n‑aghaidh le clocha.

48. Chuir Iúdás teachtaireacht mhuinteartha mar seo chucu: “Ligigí dúinn gabháil trí bhur gcríocha ar ár mbealach chun ar gcríoch féin; ní chuirfidh aon duine isteach oraibh, ní dhéanfaimid ach gabháil ar aghaidh de chois.” Ach ní raibh siad sásta oscailt dó.

49. Ansin d'ordaigh Iúdás a fhógairt don slua gach duine a fhanacht mar a raibh aige.

50. Chuaigh na saighdiúirí ina láithreacha catha agus bhí an chathair faoi ionsaí ag Iúdás an lá sin go léir agus an oíche go léir dár gcionn, agus tugadh an chathair ar láimh dó.

51. Chuir sé gach fear inti chun báis le faobhar claímh, scartáil sé í agus chreach í agus mháirseáil tríthi thar choirp na marbh.

52. Ghabh siad thar an Iordáin isteach sa mhachaire mór os comhair Bhéit Seán.

53. Ní dheachaigh aon stad ar Iúdás ach ag gríosadh na muintire a bhí ag teip agus ag tabhairt misnigh don phobal an bealach go léir go tír Iúdá.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Macabaech 5