Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Macabaech 5:34-45 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

34. Nuair a thuig arm Thiomóid gurbh é an Macabaech a bhí ann, theith siad roimhe agus bhris sé go trom orthu; thit timpeall ocht míle fear díobh an lá sin.

35. D'iompaigh sé ansin ar Alama, chuir cath air agus ghabh é; mharaigh sé gach fear ann, chreach é agus chuir trí thine é.

36. Chuaigh sé ar aghaidh ón áit sin agus ghabh Chasfó, Macad, Bosor agus cathracha eile Ghileád.

37. Tar éis na n‑imeachtaí sin bhailigh Tiomóid fórsa eile agus shuigh a longfort os comhair Rafón ar an taobh thall den ghleann.

38. Chuir Iúdás gasra uaidh chun taiscéalaíocht a dhéanamh ar an longfort agus thángadar ar ais le scéala chuige: “Tá págánaigh go léir na dúiche timpeall orainn cruinnithe chuige; fórsa an-tréan iad anois.

39. Tá amhais Arabacha mar thaca acu; tá a longfort suite acu lastall den ghleann agus tá siad réidh le cath a chur ort.” Chuaigh Iúdás ar aghaidh ina gcoinne.

40. Nuair a bhí Iúdás agus a shluaite ag druidim le sileán an uisce, dúirt Tiomóid le ceannairí an fhórsa: “Má thagann seisean anall chugainne ar dtús ní féidir linn cur ina choinne, mar beidh an buntáiste aige orainn.

41. Ach má bhíonn drochmhisneach air agus go suíonn sé a longfort ar an taobh eile den abhainn, rachaimidne anonn chuige agus beidh an buntáiste againne airsean.”

42. A luaithe a tháinig Iúdás go sileán an uisce, chóirigh sé scríobhaithe an phobail ar feadh an tsileáin is thug an t‑ordú seo dóibh: “Ná ligigí d'aon duine campa a shuíomh, ach téidís go léir chun catha.”

43. Ansin ghabh sé féin anonn chucu ar an gcéad duine agus an pobal go léir ina dhiaidh. Briseadh ar na págánaigh go léir roimhe agus chaith siad uathu a n‑airm, agus theith go tearmann naofa Charnaen.

44. Ghabh [na Giúdaigh] an chathair, agus chuir siad an tearmann naofa agus gach a raibh ann trí thine. Scriosadh Carnaen ar an gcuma sin, agus níor fhéad an namhaid an fód a sheasamh a thuilleadh in aghaidh Iúdáis.

45. Ansin chruinnigh Iúdás na hIosraelaigh go léir a bhí ag cur fúthu i nGileád, idir bheag agus mhór, agus a mná agus a leanaí agus a maoin, slua an-mhór, le dul go tír Iúdá.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Macabaech 5