Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Macabaech 5:28-39 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

28. Chas Iúdás agus a fhórsaí i leataobh ar feadh bhealach an fhásaigh go Bozrá; ghabh sé an chathair agus chuir gach mac máthar chun báis le faobhar claímh, chreach an chathair go léir agus chuir trí thine í.

29. D'fhág sé an áit sin i gcoim na hoíche, agus leanadar orthu ar aghaidh go dtáinig siad chomh fada le dún [Dhatama].

30. Le breacadh an lae d'ardaíodar a súile agus b'shiúd mathshlua mór nárbh fhéidir a áireamh, ag cur dréimirí agus innill i bhfearas chun an dún a ghabháil; bhí ag tosú ar an ruathar.

31. Chonaic Iúdás go raibh tús curtha leis an gcath agus go raibh gáir na cathrach á cur suas chun neimhe le macalla an stoic agus na béicíola;

32. agus dúirt sé leis na fir ina bhuíon: “Troidigí inniu ar son bhur mbráithre.”

33. Ansin roinn sé iad ina dtrí díormaí agus d'ionsaigh sé iad i leith a gcúil le stoic á séideadh agus urnaithe á gcur suas acu in ard a gcinn.

34. Nuair a thuig arm Thiomóid gurbh é an Macabaech a bhí ann, theith siad roimhe agus bhris sé go trom orthu; thit timpeall ocht míle fear díobh an lá sin.

35. D'iompaigh sé ansin ar Alama, chuir cath air agus ghabh é; mharaigh sé gach fear ann, chreach é agus chuir trí thine é.

36. Chuaigh sé ar aghaidh ón áit sin agus ghabh Chasfó, Macad, Bosor agus cathracha eile Ghileád.

37. Tar éis na n‑imeachtaí sin bhailigh Tiomóid fórsa eile agus shuigh a longfort os comhair Rafón ar an taobh thall den ghleann.

38. Chuir Iúdás gasra uaidh chun taiscéalaíocht a dhéanamh ar an longfort agus thángadar ar ais le scéala chuige: “Tá págánaigh go léir na dúiche timpeall orainn cruinnithe chuige; fórsa an-tréan iad anois.

39. Tá amhais Arabacha mar thaca acu; tá a longfort suite acu lastall den ghleann agus tá siad réidh le cath a chur ort.” Chuaigh Iúdás ar aghaidh ina gcoinne.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Macabaech 5