Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Macabaech 5:16-28 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

16. Nuair a chuala Iúdás agus an pobal na teachtaireachtaí sin, tionóladh cruinniú mór chun a shocrú céard ba chóir dóibh a dhéanamh dá ndeartháireacha a bhí i gcruachás agus a naimhde á n‑ionsaí.

17. Dúirt Iúdás lena dheartháir Síomón: “Bíodh do rogha de na fir agat agus téigh chun do bhráithre sa Ghailíl a shaoradh; rachaidh mise agus mo dheartháir Iónátán go Gileád.”

18. D'fhág sé Iósaef, mac Zachairias, agus Azairias, ceannaire an phobail, leis an gcuid eile den arm in Iúdáia, lena chosaint

19. agus thug sé an t‑ordú seo dóibh: “Bíodh ceannas agaibh ar an bpobal ach ná cuirigí cath ar na págánaigh nó go bhfillfimid.”

20. Ceapadh trí mhíle fear do Shíomón don fheachtas chun na Gailíle, agus ocht míle do Iúdás do Ghileád.

21. Ghluais Síomón ar aghaidh isteach sa Ghailíl agus chuir a lán cathanna ar na págánaigh, agus bhris orthu go tubaisteach;

22. chuaigh sé sa tóir orthu go geata Ptolamais, agus thit timpeall trí mhíle fear díobh agus ghabh sé a gcreach.

23. Thug sé leis [Giúdaigh] na Gailíle agus Arbata, lena gcuid ban agus leanaí agus a maoin go léir; thug siad isteach in Iúdáia iad faoi lúcháir mhór.

24. Ghabh Iúdás Macabaech agus Iónátán a dheartháir thar an Iordáin agus mháirseáil siad turas trí lá tríd an bhfásach.

25. Bhuail siad leis na Nabataeigh; bhíodarsan síochánta leo agus d'insíodar dóibh gach ar tharla dá mbráithre i nGileád:

26. “Tá a lán acu,” ar siad, “teanntaithe i mBozrá agus i mBosor, in Alama, i Chasfó, i Macad, agus i gCarnaen” - cathracha móra daingne iadsan -

27. “agus tá a thuilleadh acu teanntaithe i mbailte eile Ghileád; tá sé beartaithe ag an namhaid na dúnta sin a ionsaí amarach, agus an mhuintir go léir iontu a scrios san aon lá amháin.”

28. Chas Iúdás agus a fhórsaí i leataobh ar feadh bhealach an fhásaigh go Bozrá; ghabh sé an chathair agus chuir gach mac máthar chun báis le faobhar claímh, chreach an chathair go léir agus chuir trí thine í.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Macabaech 5