Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Macabaech 4:6-22 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

6. Le breacadh an lae, b'shiúd é Iúdás sa mhachaire agus trí mhíle fear leis, ach gan éidí catha ná claimhte acu mar ab áil leo.

7. Chonaic siad longfort na bpágánach, é láidir daingean, agus marcshlua timpeall air, agus iadsan oilte ar chogaíocht.

8. Ach dúirt Iúdás leis an dream a bhí in éineacht leis: “Ná cuireadh a líon eagla oraibh, agus ná baineadh a n‑ionsaí bhur misneach díbh!

9. Cuimhnígí conas mar a fuasclaíodh ár sinsir ag an Muir Rua nuair a bhí Forann sa tóir orthu lena shluaite.

10. Glaoimis chun Neimhe anois féachaint an áil leis sinn, agus an gcuimhneoidh sé ar a chonradh lenár sinsir agus an scriosfaidh sé an t‑arm seo atá inár n‑aghaidh inniu.

11. Ansin a bheidh a fhios ag na págánaigh go léir go bhfuil neach ann a shaorann agus a fhuasclaíonn Iosrael.”

12. D'fhéach na heachtrannaigh suas ansin agus chonaic siad iad ag teacht ina n‑aghaidh,

13. agus ghluais as an longfort amach chun catha. Shéid muintir Iúdáis an stoc

14. agus chuir cath orthu. Briseadh ar na págánaigh agus theith siad chun na n‑ísleán.

15. Thit a raibh ar deireadh go léir le faobhar claímh; lean siad sa tóir orthu chomh fada le Gazara agus ísleáin Idiúmáia, Azótas agus Iaimnía; thit timpeall trí mhíle den namhaid.

16. Ansin scoir Iúdás den tóir orthu agus d'fhill sé féin agus a fhórsaí ar ais,

17. agus dúirt sé lena mhuintir: “Ná santaígí an chreach, mar tá cath eile romhainn;

18. tá Goirgias agus a fhórsaí fós ar an sliabh in aice linn; seasaigí an fód in aghaidh bhur naimhde agus cuirigí cath orthu agus ansin tógaigí libh an chreach le flosc.”

19. Is ar éigean a bhí deireadh na cainte sin ráite ag Iúdás nuair a chonacthas buíon naimhde de dhroim an tsléibhe.

20. Chonaic siadsan gur cuireadh an teitheadh ar [a n‑arm féin] agus go raibh an longfort á chur trí thine, mar d'inis an deatach a bhí le feiceáil cad a tharla.

21. Chuir an radharc sin scéin a gcroí orthu; agus nuair a chonaic siad chomh maith arm Iúdáis faoi chóiriú catha ar an machaire,

22. theith siad go léir go críocha na bhFilistíneach.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Macabaech 4