Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Macabaech 4:52-61 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

52. Ar an gcúigiú lá fichead den naoú mí, Cisléu is é sin, sa bhliain céad daichead a hocht,

53. d'éirigh siad le fáinne an lae agus d'ofráil siad íobairt, de réir an dlí, ar altóir nua na n‑íobairtí dóite a bhí tógtha acu.

54. Coisriceadh an altóir le canadh laoi agus le ceol na dtéad, na gcláirseach agus na gciombal i dtrátha an ama chéanna den bhliain agus i gcothrom an lae a ndearna na págánaigh í a thruailliú ar dtús.

55. Shléacht an pobal go léir go talamh ag adhradh agus ag ardmholadh Neimhe, an té a thug a leithéid de bhua dóibh.

56. Cheiliúir siad coisreacan na haltóra ar feadh ocht lá agus iad faoi lúcháir ag ofráil íobairtí dóite agus d'íobair siad íobairt fhuascailte agus bhuíochais.

57. Mhaisigh siad aghaidh an Teampaill le corónacha agus le cnapáin óir; chóirigh siad na geataí agus na stórais agus chuir doirse orthu.

58. Ní raibh teorainn le gairdeas an phobail agus scuabadh aithis na bpágánach chun siúil.

59. Rinne Iúdás, mar aon lena dheartháireacha agus le comhthionól iomlán Iosrael, dlí go ndéanfaí laethanta choisreacan na haltora a cheiliúradh le gliondar is gairdeas an tráth ceart de gach bliain ar feadh ocht lá ag tosú ar an gcúigiú lá fichead de mhí Chisléu.

60. Um an dtaca sin thóg siad ballaí arda le túir dhaingne timpeall Chnoc Shíón d'fhonn a chosc ar na págánaigh teacht agus é a shatailt faoi chois mar a rinne siad cheana.

61. Chuir [Iúdás] garastún ann chun an cnoc a chosaint agus dhaingnigh sé Béit Zúr d'fhonn go mbeadh daingean ag na daoine in aghaidh Idiúmáia.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Macabaech 4