Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Macabaech 4:35-53 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

35. Nuair a chonaic Lisias a arm á chloí agus a mhisniúla a bhí arm Iúdáis agus iad chomh réidh sin do bhás nó do bheatha le honóir, d'imigh sé leis go hAintíoch agus liostáil sé amhais ansiúd le hionradh eile a dhéanamh ar Iúdáia le fórsaí breise arís.

36. Ansin dúirt Iúdás agus a dheartháireacha: “Tá buaite ar ár naimhde anois; téimis suas chun an sanctóir a ghlanadh agus a choisreacan.”

37. Chruinnigh siad an t‑arm ar fad, dá bhrí sin, agus chuaigh siad suas go Cnoc Shíón.

38. Chonaic siad an sanctóir ina fhásach, an altóir truaillithe, na geataí dóite, agus toir ag fás sna cúirteanna, mar a bheadh i ndoire nó ar cheann de na sléibhte, agus na stórais ina bhfothracha.

39. Stróic siad a gcuid éadaigh agus chaoin go holagónach agus chuir luaithreach ar a gceann.

40. Chaith siad iad féin ar an talamh béal fúthu, agus nuair a thug na stoic an comhartha lena stocaireacht, ghlaoigh siad in ard a gcinn chun Neimhe.

41. Cheap Iúdás buíon fear ansin le troid in aghaidh lucht an Dúnfoirt nó go raibh an sanctóir glanta aige.

42. Ansin thogh sé sagairt gan cháim le dúthracht don dlí,

43. agus ghlan siad an sanctóir agus chuir siad clocha na gráiniúlachta i leataobh in áit neamhghlan.

44. Chuaigh siad i gcomhairle faoi altóir an uileloiscthe a bhí truaillithe féachaint cad a dhéanfaidís léi.

45. Shíl siad gurbh é ab fhearr a dhéanamh ná í a leagan ar lár d'fhonn nach beadh sí go deo ina haithis orthu mar gur thruailligh na págánaigh í. Scartáil siad an altóir dá réir sin

46. agus chuir siad na clocha in áit chuí ar Chnoc an Teampaill nó go dtiocfadh fáidh a déarfadh cad a dhéanfaí leo.

47. Fuair siad clocha nár gearradh ansin mar a d'ordaigh an dlí agus thóg siad altóir nua ar aon dul leís an gceann roimpi.

48. D'atóg siad an sanctóir agus an Teampall laistigh agus choisric siad na cúirteanna.

49. Rinne siad soithí nua naofa agus thug an coinnleoir, altóir na túise agus an bord isteach sa Teampall.

50. Dhóigh siad túis ar an altóir ansin agus las na lóchrainn ar an gcoinnleoir agus thug siadsan solas laistigh den Teampall.

51. Leag siad na builíní ar an mbord, chroch siad na cruitíní, agus chomhlíon siad gach ar ghabh siad idir lámha ar an gcuma sin.

52. Ar an gcúigiú lá fichead den naoú mí, Cisléu is é sin, sa bhliain céad daichead a hocht,

53. d'éirigh siad le fáinne an lae agus d'ofráil siad íobairt, de réir an dlí, ar altóir nua na n‑íobairtí dóite a bhí tógtha acu.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Macabaech 4