Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Macabaech 4:16-30 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

16. Ansin scoir Iúdás den tóir orthu agus d'fhill sé féin agus a fhórsaí ar ais,

17. agus dúirt sé lena mhuintir: “Ná santaígí an chreach, mar tá cath eile romhainn;

18. tá Goirgias agus a fhórsaí fós ar an sliabh in aice linn; seasaigí an fód in aghaidh bhur naimhde agus cuirigí cath orthu agus ansin tógaigí libh an chreach le flosc.”

19. Is ar éigean a bhí deireadh na cainte sin ráite ag Iúdás nuair a chonacthas buíon naimhde de dhroim an tsléibhe.

20. Chonaic siadsan gur cuireadh an teitheadh ar [a n‑arm féin] agus go raibh an longfort á chur trí thine, mar d'inis an deatach a bhí le feiceáil cad a tharla.

21. Chuir an radharc sin scéin a gcroí orthu; agus nuair a chonaic siad chomh maith arm Iúdáis faoi chóiriú catha ar an machaire,

22. theith siad go léir go críocha na bhFilistíneach.

23. D'fhill Iúdás ar ais ansin chun an longfort a chreachadh. Thug siad leo a lán airgid agus óir, agus éadach de dhath gorm agus de chorcar na mara, agus mórchuid maoine.

24. Nuair a tháinig siad ar ais chan siad iomainn agus laoithe molta chun Neimhe, “mar is maith é agus maireann a thrócaire go brách”.

25. Bhí slánú mór ag Iosrael dá réir sin, an lá sin.

26. Cibé dream de na heachtrannaigh a tháinig slán chuaigh siad go Lisias le scéala faoinar tharla.

27. Chuir an tuairisc suaitheadh agus drochmhisneach air mar ní mar a bheartaigh sé a tharla d'Iosrael, ná ní mar a d'ordaigh an rí dó a bhí an toradh.

28. Ach an bhliain dár gcionn thionóil sé trí fichid míle troitheach den scoth, agus cúig mhíle marcach, le hiad a bhrú faoi chois.

29. Tháinig siad isteach in Idiúmáia agus shuigh siad a longfort i mBéit Zúr mar ar tháinig Iúdás ina n‑aghaidh le deich míle fear.

30. Nuair a chonaic sé an t‑arm tréan ghuigh sé agus dúirt: “Moladh leat, a shlánaitheoir Iosrael, tusa a bhasc neart an ghaiscígh ghroí trí láimh do ghiolla, Dáiví; agus a thug longfort na bhFilistíneach i lámha Iónátán mac Shóil agus fir iompartha a airm.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Macabaech 4