Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Macabaech 2:32-43 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

32. Chuaigh díorma láidir sa tóir orthu agus nuair a thángadar suas leo chuir siad cóiriú catha orthu féin ina gcoinne agus iad ar tí cath a chur orthu lá na sabóide.

33. Ansin dúirt siad leo: “Is leor sin! Tagaigí amach agus déanaigí rud ar an rí, agus mairfidh sibh.”

34. Ach dúirt siadsan: “Ní thiocfaimid amach, ná ní dhéanfaimid rud ar an rí, agus lá na sabóide a thruailliú ar an gcuma sin.”

35. Chuir [an dream eile] cath orthu ar an toirt,

36. ach níor fhreagair siad an cath, níor chaith siad cloch leo ná níor iaigh siad a n‑áiteanna folaithe.

37. Ní dúirt siad ach: “Faighimis go léir bás gan chiontacht; go raibh neamh agus talamh ina bhfinnéithe air go bhfuil sibh dár gcur chun báis go héagórach.”

38. D'ionsaíodar iad dá bhrí sin ar an tsabóid agus básaíodh iadsan, agus a mná céile agus a leanaí agus a n‑eallach, míle duine ar fad.

39. Nuair a chuala Mataitias agus a chairde ina thaobh, chaoin siad iad go géar.

40. Agus dúirt gach fear lena chomharsa: “Má dhéanaimid go léir mar a rinne ár mbráithre, agus gan troid leis na págánaigh ar son ár n‑anama agus ár reachtanna, is gearr an mhoill a bheidh orthu sinn a scriosadh de chlár na talún.”

41. Chinn siad mar leanas dá bhrí sin an lá sin: “Cibé duine a dhéanfaidh ionsaí orainn lá na sabóide, cuirfimis cath air, agus ná faighimis go léir bás dála ar mbráithre ina gcróite folaigh.”

42. D'aontaigh cuallacht Hasadaech leo, gaiscígh chróga le hIosrael, agus gach duine díobh á thabhairt féin dá dheoin don dlí.

43. Ghabh gach duine a theith ón ngéarleanúint leo chomh maith agus thug siad breis tacaíochta dóibh.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Macabaech 2