Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Macabaech 2:14-33 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

14. Stróic Mataitias agus a chlann mhac a gcuid éadaigh, chuir éadach róin orthu féin, agus chaoin go géar goirt.

15. Tháinig coimisinéirí an rí a bhí ag iarraidh séanadh an chreidimh a chur i bhfeidhm go cathair Mhóidín, le go ndéanfaidís íobairt.

16. Chruinnigh go leor de na hIosraelaigh ina dtimpeall agus bhí Mataitias agus a chlann mhac i láthair.

17. Ansin labhair coimisinéirí an rí le Mataitias mar leanas: “Tá meas ort mar cheannaire; is duine mór le rá sa chathair seo thú; tá do chlann mhac agus do dheartháireacha agat mar thaca.

18. Bí ar an gcéad duine le teacht chun tosaigh agus déanamh de réir ordú an rí, mar atá déanta ag na ciníocha go léir agus ag taoisigh Iúdá agus ag fuíoll an áir in Iarúsailéim. Ansin áireofar thú féin agus do chlann mhac i measc chairde an rí; agus mórfar thú féin agus do chlann mhac le hór agus le hairgead agus le go leor bronntanas.”

19. D'ardaigh Mataitias a ghlór agus d'fhreagair: “Fiú má ghéilleann gach náisiún atá faoi cheannas an rí dó agus má thréigeann gach ceann acu creideamh a shinsear d'fhonn géilleadh dá reachtanna,

20. leanfaidh mise agus mo chlann mhac agus mo dheartháireacha de chonradh ár sinsear.

21. Nár lige Dia go dtréigfimis an dlí agus a reachtanna.

22. Ní leanfaimidne ordú an rí; ní chlaonfaimidne ar dheis ná ar chlé ónár gcreideamh féin.”

23. Nuair a bhí deireadh ráite aige tháinig Giúdach chun tosaigh os comhair an tslua go léir le híobairt a ofráil ar an altóir i Móidín, de réir mar a d'ordaigh fógra an rí.

24. Nuair a chonaic Mataitias é sin bhuail díograis é. Tháinig corraí as cuimse air agus racht feirge fíréin. Theilg sé é féin ar an bhfear agus mharaigh é ar an altóir.

25. San am céanna mharaigh sé coimisinéir an rí a bhí a chur d'iallach orthu íobairt a dhéanamh, agus réab sé an altóir as a chéile.

26. Bhí an oiread sin dúthrachta chun an dlí ann go ndearna sé mar a rinne Píneachás in aghaidh Zimrí mac Shálú.

27. Ansin d'imigh Mataitias ar fud na cathrach agus é ag scairteadh in ard a chinn: “Gach duine atá dúthrachtach ar son an dlí agus a sheasann leis an gconradh, tagadh sé amach agus leanadh sé mé.”

28. Theith sé ansin lena chlann mhac chun na gcnoc agus d'fhág siad a raibh acu sa chathair ina ndiaidh.

29. A lán daoine ansin a raibh an fhíréantacht agus an chóir á dtóraíocht acu, chuaigh siad síos chun an fhásaigh agus d'fhanadar ansin,

30. iad féin, agus a gclann mhac, a mná céile, agus a n‑eallach mar go raibh an leatrom ag luí go trom orthu.

31. Tugadh scéala chun oifigigh an rí agus go dtí na fórsaí in Iarúsailéim, cathair Dháiví, go raibh dream a dhiúltaigh d'ordú an rí imithe síos i bhfolach in áiteanna san fhásach.

32. Chuaigh díorma láidir sa tóir orthu agus nuair a thángadar suas leo chuir siad cóiriú catha orthu féin ina gcoinne agus iad ar tí cath a chur orthu lá na sabóide.

33. Ansin dúirt siad leo: “Is leor sin! Tagaigí amach agus déanaigí rud ar an rí, agus mairfidh sibh.”

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Macabaech 2