Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Macabaech 13:9-25 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

9. Troid ár gcathanna dúinn agus déanfaimid mar a deir tú linn.”

10. Chuir sé tionól ar na laochra gaile go léir agus bhrostaigh le tógáil ballaí Iarúsailéim agus dhaingnigh sé é ar gach taobh.

11. Chuir sé Iónátán mac Aibseálóm go Iopa agus fórsa tréan leis; thiomáin seisean amach a áithritheoirí agus chuir faoi ann.

12. Ansin chuir Trufón chun bealaigh ó Ptolamais le harm mór le hionradh a dhéanamh ar Iúdá agus thug Iónátán leis faoi gharda.

13. Shuigh Síomón a longfort in Aidideá os comhair an mhachaire.

14. Fuair Trufón amach gur éirigh Síomón in áit a dhearthár Iónátán agus go raibh sé le dul i ngleic leis ar pháirc an chatha agus chuir sé toscairí chuige a rá:

15. “Is de bharr na bhfiacha airgid a bhí ag an gciste ríoga air toisc na bpost a bhí aige atáimid ag coimeád Iónátán do dheartháir i ngéibhinn.

16. Cuir anois céad tallann airgid agus beirt mhac leis mar ghialla i dtreo nuair a scaoilfear saor é nach ndéanfaidh sé ceannairc inár n‑aghaidh agus scaoilfimid saor é.”

17. Thuig Síomón go raibh cealg ina gcaint, ach chuir sé fios ar an airgead agus ar na mic le heagla go músclódh sé naimhdeas mór i measc an phobail

18. a déarfadh gur de bhrí nár chuir Síomón an t‑airgead agus na mic chuige a fuair sé bás.

19. Chuir sé na mic agus an céad tallann dá bhrí sin, ach níor sheas [Trufón] lena bhriathar agus níor scaoil sé Iónátán saor.

20. Ina dhiaidh sin tháinig Trufón le hionradh a dhéanamh ar an tír agus lena scriosadh, agus ghabh sé an timpeall ar feadh bealach Adóra, ach bhíodh Síomón agus a arm roimhe cibé treo baill ina dtéadh sé.

21. Bhíodh muintir an Dúnfoirt ag cur toscairí go Trufón á áiteamh air teacht chucu tríd an bhfásach agus bia a chur chucu.

22. D'ullmhaigh Trufón a mharcshlua go léir le dul, ach an oíche úd thit sneachta trom agus ní dheachaigh sé de bharr an tsneachta. Ghluais sé leis dá bhrí sin agus chuaigh go tír Ghileád.

23. Nuair a dhruid sé le Bascama, mharaigh sé Iónátán agus cuireadh ansiúd é.

24. Ansin chas Trufón ar a sháil agus d'fhill ar a thír féin.

25. Sheol Síomón díorma uaidh agus fuair ar ais cnámha Iónátán a dheartháir agus rinne sé é a adhlacadh i Móidín, cathair a shinsear.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Macabaech 13