Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Macabaech 13:44-53 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

44. Phreab na fir sa túr deafa isteach sa chathair agus bhí círéib mhór inti.

45. Chuaigh lucht na cathrach, lena mná agus lena leanaí, in airde ar an mballa agus a n‑éidí stróicthe acu, agus ghlaodar in ard a gcinn á impí ar Shíomón síocháin a dhéanamh leo.

46. Dúirt siad: “Ná caith linn de réir ár gcoireanna, ach de réir do thrócaire féin.”

47. Rinne Síomón réiteach leo dá bhrí sin agus stad sé de bheith ag troid ina n‑aghaidh. Ach dhíbir sé as an gcathair iad agus ghlan sé na tithe ina raibh na híola agus ghabh isteach le hiomainn agus cainticí molta.

48. Dhíbir sé gach neamhghlaine aisti agus lonnaigh inti dream a chomhlíonfadh an dlí. Dhaingnigh sé í agus thóg sé teach dó féin inti.

49. Bhí cosc ar lucht an Dúnfoirt in Iarúsailéim caidreamh a bheith acu ar an tuath le díol agus ceannach a dhéanamh. Bhí an-ghanntanas bia orthu agus fuair a lán acu bás den ghorta.

50. D'impigh siad ansin ar Shíomón síocháin a dhéanamh leo, rud a rinne, ach gur dhíbir sé iad agus gur ghlan sé an Dúnfort óna thruaillitheachtaí.

51. Ar an tríú lá fichead den dara mí, sa bhliain céad seachtó a haon, ghabh [na Giúdaigh] isteach ann le gártha molta agus géaga pailme [á gcroitheadh], le ceol cláirseach agus cruiteanna, ag gabháil iomann agus cainticí, mar go raibh namhaid mór basctha agus caite amach as Iosrael.

52. Chinn Síomón go ndéanfaí an lá úd a cheiliúradh mar lá lúchaire gach bliain. Dhaingnigh sé cóir chosanta Chnoc an Teampaill taobh leis an Dúnfort agus chuir sé féin agus a lucht leanúna faoi ann.

53. Nuair a chonaic Síomón go raibh a mhac Eoin ina fhear, cheap sé ina cheann feadhna ar na fórsaí go léir é; bhí cónaí air i nGazara.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Macabaech 13