Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Macabaech 13:30-47 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

30. Sin é an cuimhneachán a thóg sé i Móidín agus tá sé ann go dtí an lá inniu.

31. Chaith Trufón go fealltach leis an rí óg Aintíochas. Mharaigh sé é

32. agus rinne sé rí de féin ina áit agus chuir coróin na hÁise air féin agus thug tubaiste mhór ar an tír.

33. Thóg Síomón daingin Iúdáia agus chuir balla timpeall orthu, le túir arda, ballaí móra, geataí agus boltaí, agus chuir sé bia i dtaisce sna daingin.

34. Thogh Síomón fir chomh maith agus chuir iad go Déimitrias rí le hiarratas fóirithint ar an tír mar nach raibh déanta ag Trufón ach creachadh.

35. Chuir Déimitrias rí scéala dá réir chuige, thug freagra air agus scríobh litir mar leanas chuige:

36. Déimitrias rí go Síomón, ardsagart agus cara na ríthe, agus go seanóirí chine na nGiúdach, beatha agus sláinte!

37. Ghlacamar an choróin óir agus an ghéag phailme a chuir sibh chugainn agus táimid réidh le síocháin choiteann a dhéanamh libh agus scríobh chun ár n‑oifigeach le sibh a fhuascailt ó cháin.

38. Gach cinneadh a rinneamar in bhur leith, tá siad bailí; na daingin a thóg sibh, fanaidís in bhur seilbh.

39. Maithimid na dearmaid agus na cionta a rinneadh go dtí an lá inniu, agus na fiacha corónach atá oraibh; agus má tá aon cháin eile á tobhach in Iarúsailéim, ná déantar í a thobhach a thuilleadh.

40. Má tá aon duine agaibh oiriúnach le liostáil ar ár lucht cosanta, liostáiltear iad, agus bíodh síocháin eadrainn.

41. Ba sa bhliain céad agus a seachtó a bogadh cuing na ngintlithe d'Iosrael,

42. agus thosaigh na daoine ar a gcáipéisí agus a litreacha a bheachtú leis na focail: “Sa chéad bhliain faoi Shíomón ardsagart mór, ceannaire, agus taoiseach na nGiúdach.”

43. Um an dtaca sin chuir Síomón léigear ar Ghazara agus thimpeallaigh é lena fhórsaí. Thóg sé túr deafa agus tharraing suas taobh leis an gcathair é agus bhataráil daingean agus ghabh é.

44. Phreab na fir sa túr deafa isteach sa chathair agus bhí círéib mhór inti.

45. Chuaigh lucht na cathrach, lena mná agus lena leanaí, in airde ar an mballa agus a n‑éidí stróicthe acu, agus ghlaodar in ard a gcinn á impí ar Shíomón síocháin a dhéanamh leo.

46. Dúirt siad: “Ná caith linn de réir ár gcoireanna, ach de réir do thrócaire féin.”

47. Rinne Síomón réiteach leo dá bhrí sin agus stad sé de bheith ag troid ina n‑aghaidh. Ach dhíbir sé as an gcathair iad agus ghlan sé na tithe ina raibh na híola agus ghabh isteach le hiomainn agus cainticí molta.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Macabaech 13