Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Macabaech 13:3-18 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

3. Thug sé misneach dóibh agus dúirt: “Is maith atá a fhios agaibh féin na héachtaí a rinne mé féin agus mo bhráithre agus teaghlach m'athar ar son na ndlíthe agus an tsanctóra; agus na cogaí agus na cruatain ar ghabhamar tríothu.

4. Sé toradh a bhí air sin go léir ná go bhfuil bás faighte ag mo dheartháireacha go léir ar son Iosrael agus níl fágtha ach mise amháin.

5. I bhfad uaimse a bheith ag coigilt mo bheatha in am an ghátair! mar ní fearr mé ná mo bhráithre.

6. Ach déanfaidh mé díoltas a bhaint amach ar son mo chine, mo shanctóra agus ar son bhur mban agus bhur leanaí, mar tá na náisiúin go léir cruinnithe le chéile le barr fuatha d'fhonn sinn a scriosadh.”

7. Mhúscail misneach na ndaoine nuair a chuala siad na focail sin,

8. agus d'fhreagair siad in ard a ngutha: “Is tú ar gceannasaí in áit Iúdáis agus Iónátán do dheartháir.

9. Troid ár gcathanna dúinn agus déanfaimid mar a deir tú linn.”

10. Chuir sé tionól ar na laochra gaile go léir agus bhrostaigh le tógáil ballaí Iarúsailéim agus dhaingnigh sé é ar gach taobh.

11. Chuir sé Iónátán mac Aibseálóm go Iopa agus fórsa tréan leis; thiomáin seisean amach a áithritheoirí agus chuir faoi ann.

12. Ansin chuir Trufón chun bealaigh ó Ptolamais le harm mór le hionradh a dhéanamh ar Iúdá agus thug Iónátán leis faoi gharda.

13. Shuigh Síomón a longfort in Aidideá os comhair an mhachaire.

14. Fuair Trufón amach gur éirigh Síomón in áit a dhearthár Iónátán agus go raibh sé le dul i ngleic leis ar pháirc an chatha agus chuir sé toscairí chuige a rá:

15. “Is de bharr na bhfiacha airgid a bhí ag an gciste ríoga air toisc na bpost a bhí aige atáimid ag coimeád Iónátán do dheartháir i ngéibhinn.

16. Cuir anois céad tallann airgid agus beirt mhac leis mar ghialla i dtreo nuair a scaoilfear saor é nach ndéanfaidh sé ceannairc inár n‑aghaidh agus scaoilfimid saor é.”

17. Thuig Síomón go raibh cealg ina gcaint, ach chuir sé fios ar an airgead agus ar na mic le heagla go músclódh sé naimhdeas mór i measc an phobail

18. a déarfadh gur de bhrí nár chuir Síomón an t‑airgead agus na mic chuige a fuair sé bás.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Macabaech 13