Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Macabaech 13:26-39 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

26. Rinne Iosrael go léir é a chaoineadh go dubhach agus mhair an t‑olagán mórán laethanta.

27. Thóg Síomón leacht ar thuama a athar agus a bhráithre; thóg sé go hard é le go mbeadh radharc air agus ba de chloch líofa é chun tosaigh agus ar gcúl.

28. Thóg sé chomh maith seacht bpirimid, ar aghaidh a chéile, dá athair agus dá mháthair agus dá cheathrar deartháireacha.

29. Thóg sé iad ar bhonn dealraitheach agus thóg colúin mhóra ina dtimpeall; agus ghrean sé cultacha gaisce ar na colúin mar chuimhneachán síoraí; agus taobh leis na cultacha gaisce ghrean sé longa a d'fhéadfaí a fheiceáil ag cách a sheolfadh ar farraige.

30. Sin é an cuimhneachán a thóg sé i Móidín agus tá sé ann go dtí an lá inniu.

31. Chaith Trufón go fealltach leis an rí óg Aintíochas. Mharaigh sé é

32. agus rinne sé rí de féin ina áit agus chuir coróin na hÁise air féin agus thug tubaiste mhór ar an tír.

33. Thóg Síomón daingin Iúdáia agus chuir balla timpeall orthu, le túir arda, ballaí móra, geataí agus boltaí, agus chuir sé bia i dtaisce sna daingin.

34. Thogh Síomón fir chomh maith agus chuir iad go Déimitrias rí le hiarratas fóirithint ar an tír mar nach raibh déanta ag Trufón ach creachadh.

35. Chuir Déimitrias rí scéala dá réir chuige, thug freagra air agus scríobh litir mar leanas chuige:

36. Déimitrias rí go Síomón, ardsagart agus cara na ríthe, agus go seanóirí chine na nGiúdach, beatha agus sláinte!

37. Ghlacamar an choróin óir agus an ghéag phailme a chuir sibh chugainn agus táimid réidh le síocháin choiteann a dhéanamh libh agus scríobh chun ár n‑oifigeach le sibh a fhuascailt ó cháin.

38. Gach cinneadh a rinneamar in bhur leith, tá siad bailí; na daingin a thóg sibh, fanaidís in bhur seilbh.

39. Maithimid na dearmaid agus na cionta a rinneadh go dtí an lá inniu, agus na fiacha corónach atá oraibh; agus má tá aon cháin eile á tobhach in Iarúsailéim, ná déantar í a thobhach a thuilleadh.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Macabaech 13