Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Macabaech 13:1-8 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Chuala Síomón go raibh armáil mhór cruinnithe ag Trufón le hionradh a dhéanamh ar thír Iúdá agus é a scriosadh.

2. Ansin chonaic sé go raibh scéin agus eagla ar na daoine agus chuaigh sé suas go Iarúsailéim agus bhailigh an pobal le chéile.

3. Thug sé misneach dóibh agus dúirt: “Is maith atá a fhios agaibh féin na héachtaí a rinne mé féin agus mo bhráithre agus teaghlach m'athar ar son na ndlíthe agus an tsanctóra; agus na cogaí agus na cruatain ar ghabhamar tríothu.

4. Sé toradh a bhí air sin go léir ná go bhfuil bás faighte ag mo dheartháireacha go léir ar son Iosrael agus níl fágtha ach mise amháin.

5. I bhfad uaimse a bheith ag coigilt mo bheatha in am an ghátair! mar ní fearr mé ná mo bhráithre.

6. Ach déanfaidh mé díoltas a bhaint amach ar son mo chine, mo shanctóra agus ar son bhur mban agus bhur leanaí, mar tá na náisiúin go léir cruinnithe le chéile le barr fuatha d'fhonn sinn a scriosadh.”

7. Mhúscail misneach na ndaoine nuair a chuala siad na focail sin,

8. agus d'fhreagair siad in ard a ngutha: “Is tú ar gceannasaí in áit Iúdáis agus Iónátán do dheartháir.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Macabaech 13