Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Macabaech 10:49-58 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

49. Chuaigh an dá rí i ngleic catha le chéile. Theith arm Dhéimitrias agus chuaigh Alastar sa tóir air agus bhris ar a fhórsaí.

50. Lean sé den troid go dásachtach go ndeachaigh an ghrian faoi agus thit Déimitrias féin an lá úd.

51. Chuir Alastar teachtaí go dtí Ptoilimí rí na hÉigipte le teachtaireacht mar leanas:

52. “Ós rud é gur fhill mé ar ais ar mo ríocht féin, go bhfuilim i mo shuí i ríchathaoir mo shinsear, gur dhaingnigh mé mo réim, gur bhasc mé Déimitrias, go bhfuair mé ceannas ar ár dtír -

53. mar throid mé é agus scriosamar é féin agus a arm agus táimid suite anois i ríchathaoir a ríochta -

54. anois, más ea, déanaimis conradh agus cairdeas lena chéile; tabhair dom d'iníon mar bhean chéile agus beidh mé mar chliamhain agat, agus tabharfaidh mé spré duitse agus dise, mar is dual daoibh.”

55. D'fhreagair Ptoilimí rí mar leanas: “Is aoibhinn an lá a d'fhill tú ar thír do shinsear agus a shuigh tú i ríchathaoir a ríochta.

56. Anois déanfaidh mé duit de réir mar a scríobh tú; ach buail liom i Ptolamais, i dtreo go bhfeicfimis a chéile agus beidh mé i m'athair céile agat faoi mar a dúirt tú.”

57. Chuir Ptoilimí chun bealaigh mar sin ón Éigipt, é féin agus a iníon Cleopatra agus thángadar go Ptolamais sa dara bliain ar thrí fichid ar chéad.

58. Bhuail Alastar rí leis agus thug [Ptoilimí] a iníon Cleopatra dó le pósadh agus ceiliúradh an pósadh i Ptolamais le spleodar faoi mar is gnáth le ríthe.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Macabaech 10