Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Macabaech 10:26-38 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

26. Chualamar conas mar a choimeád sibh bhur gconarthaí linne agus a d'fhan sibh dílis do bhur gcairdeas linne gan taobhú lenár naimhde agus ba mhór an sásamh dúinn sin.

27. Anois, más ea, leanaigí oraibh le bhur ndílseacht dúinn, agus déanfaimid cúiteamh fial libh ar son gach a ndéanfaidh sibh ar ár son.

28. Tabharfaimid a lán pribhléidí daoibh agus bronnfaimid a lán duaiseanna oraibh.

29. Déanaim sibhse anois a shaoradh agus na Giúdaigh go léir a fhuascailt ó gach cíos, ó cháin an tsalainn agus ó cháin na corónach.

30. Agus cé go bhfuil trian d'fhómhar an arbhair agus leath d'fhómhar na gcrann dlite dom, in áit í a thobhach, scaoilim saor ón gcáin sin, ó inniu agus as seo amach, tír Iúdá agus na trí dúichí a cuireadh leis ón tSamáir agus ón nGailíl, ó inniu agus go brách.

31. Bíodh Iarúsailéim agus a chomharsanacht, a dheachúna agus a dhleachta naofa, saor ó cháin.

32. Bogaim freisin mo ghreim ar an Dúnfort in Iarúsailéim agus tugaim i lámha an ardsagairt é le go gcuirfeadh sé a rogha féin de gharastún ann lena chosaint.

33. Agus gach Giúdach beo a tugadh mar chime ó thír Iúdá go dtí aon áit i mo ríocht, scaoilim saor in aisce iad, agus maitheadh [na feidhmeannaigh] go léir na cánacha do chách, fiú ar a n‑eallach.

34. Na féilte go léir, na sabóidí, na réanna nua agus na sollúnacha ar leith, an trí lá roimh fhéile, agus an trí lá ina diaidh, bídís-sean go léir ina laethanta fuascailte agus maithiúnais do na Giúdaigh go léir i mo ríocht.

35. Ní bheidh sé de cheart ag aon duine aon éileamh a dhéanamh orthu ná cur isteach orthu ar aon slí.

36. Liostáiltear Giúdaigh, suas le tríocha míle fear díobh, in arm an rí agus bíodh liúntais ar fáil dóibh ar aon dul leis an gcuid eile d'fhórsaí an rí.

37. Cuirtear cuid acu i ndaingin mhóra an rí, agus ceaptar a thuilleadh díobh i bpoist mhuiníne sa ríocht. Ceaptar oifigigh agus ceannairí dá gcuid féin orthu agus mairidís de réir a ndlíthe féin, faoi mar a d'ordaigh an rí i dtír Iúdá.

38. Maidir leis na trí réigiúin a cuireadh le Iúdáia ó thír na Samáire, cuirtear le Iúdáia iad ar shlí go n‑áireofar faoin aon rialtóir amháin iad, gan géillsine á tabhairt acu d'aon údarás ach don ardsagart.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Macabaech 10