Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Macabaech 1:7-23 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

7. Bhí Alastar dhá bhliain déag i réim nuair a d'éag sé.

8. Chuir gach duine dá chompánaigh bun air féin ina dhúiche féin.

9. Ghabh gach duine díobh coróin chuige féin tar éis a bháis, rud a rinne a gclann mhac freisin ina ndiaidh ar feadh mórán blianta; agus thug siad a lán urchóidí ar an talamh.

10. D'eascair géag pheacúil uathu, Aintíochas Eipifeanaes, mac Aintíochas rí. Ba ghiall eisean sa Róimh trá.

11. Tháinig sé i gcoróin sa tseachtú bliain ar thríocha ar chéad de fhlaitheas na nGréagach. Um an dtaca sin bhorr dream coirpeach in Iosrael agus chuir siad a lán daoine ar seachrán. “Téanam,” a deiridís, “tagaimis chun réitigh leis na págánaigh atá inár dtimpeall, óir is iomaí mí-ádh a casadh orainn ó scaramar leo.”

12. Glacadh leis an moladh seo

13. agus chuaigh cuid de na daoine go fonnmhar os comhair an rí le hiarratas agus thug sé cead dóibh na deasghnátha págánacha a chleachtadh.

14. Thóg siad giomnáisiam in Iarúsailéim mar a bhíonn ag na págánaigh.

15. Chuir siad bréigriocht ar a dtimpeallghearradh, thréig siad an conradh naofa, agus ghéill siad do cheannas na bpágánach mar dhaoráin ag an olc dá ndeoin féin.

16. Nuair a chonaic Aintíochas go raibh a fhlaitheas bunaithe go daingean, bheartaigh sé coróin na hÉigipte a bhaint amach agus a bheith i gceannas ar an dá thír.

17. Rinne sé ionradh ar an Éigipt dá bhrí sin le harm tréan, le carbaid, le heilifintí, le marcshlua agus le cabhlach mór.

18. Chuir sé cath ar Ptoilimí rí na hÉigipte; chas Ptoilimí ar a sháil agus theith roimhe, agus rinne sé ár agus eirleach ar a lán.

19. Gabhadh cathracha daingne thír na hÉigipte agus rinne Aintíochas an tír a chreachadh.

20. Tar éis dó an Éigipt a ghabháil, sa bhliain céad daichead a trí, d'fhill Aintíochas agus thug a aghaidh ar Iosrael agus ar Iarúsailéim le fórsa tréan.

21. Rop sé isteach sa sanctóir le barr uaille agus thug sé leis an altóir órga, an coinnleoir don solas agus gach ar bhain leis,

22. agus an bord d'arán na láithreachta, na soithí do na hofrálacha dí, na coirn, na túisteáin óir, an fial, na corónacha, agus na maisiúcháin órga ar thosach an Teampaill; thóg sé gach ní chun siúil uaidh.

23. Thóg sé leis an t‑airgead agus an t‑ór agus na soithí luachmhara; d'aimsigh sé na seoda rúnda agus rug leis iad.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Macabaech 1