Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Macabaech 1:55-64 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

55. agus ofráladh túis i ndoirse na dtithe agus sna sráideanna.

56. Sracadh agus dódh leabhair an dlí ar thángthas orthu.

57. Duine ar bith ar thángthas air agus cóip den chonradh ina sheilbh aige, nó é ag cleachtadh an dlí, dhaor forógra an rí chun báis é.

58. Leanadar orthu ag imirt lámh láidir ar Iosrael, ar an muintir a d'aimsídís sna cathracha mí i ndiaidh na míosa.

59. Ar an gcúigiú lá fichead den mhí d'ofrálaidís íobairt ar an altóir a tógadh ar altóir an uileloiscthe.

60. Chuir siad chun báis, de réir an fhorógra, na mná a rinne a gclann a thimpeallghearradh

61. agus a leanaí ar crochadh acu lena muineál, agus a líon tí agus lucht déanta an timpeallghearrtha.

62. Ach bhí go leor in Iosrael a sheas go daingean agus a raibh sé de mhisneach iontu bia neamhghlan a dhiúltú.

63. B'fhearr leo an bás ná iad féin a thruailliú lena leithéid de bhia nó an conradh naofa a shárú, agus cuireadh chun báis iad.

64. Ba uafásach an fraoch feirge a imríodh ar Iosrael.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Macabaech 1