Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Macabaech 1:50-60 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

50. “Aon duine nach gcomhlíonfaidh ordú an rí, cuirtear chun báis é.”

51. Scríobh sé teachtaireacht mar sin go gach cearn dá ríocht, agus chuir sé féitheoirí i bhfeighil an phobail go léir agus d'ordaigh sé do chathracha Iúdá íobairt a ofráil ceann ar cheann.

52. D'aontaigh a lán den phobal leo - an mhuintir go léir a thréig an dlí is é sin - agus rinne siad an t‑olc sa tír,

53. agus chuireadar iallach ar Iosrael dul i bhfolach i ngach áit dídine a bhí ar fáil.

54. Ar an gcúigiú lá déag de Chisléu, sa bhliain céad daichead a cúig, thóg [an rí] gráiniúlacht an léirscriosta os cionn na haltóra, agus tógadh altóirí i gcathracha Iúdá mórthimpeall,

55. agus ofráladh túis i ndoirse na dtithe agus sna sráideanna.

56. Sracadh agus dódh leabhair an dlí ar thángthas orthu.

57. Duine ar bith ar thángthas air agus cóip den chonradh ina sheilbh aige, nó é ag cleachtadh an dlí, dhaor forógra an rí chun báis é.

58. Leanadar orthu ag imirt lámh láidir ar Iosrael, ar an muintir a d'aimsídís sna cathracha mí i ndiaidh na míosa.

59. Ar an gcúigiú lá fichead den mhí d'ofrálaidís íobairt ar an altóir a tógadh ar altóir an uileloiscthe.

60. Chuir siad chun báis, de réir an fhorógra, na mná a rinne a gclann a thimpeallghearradh

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Macabaech 1