44. Chuir an rí teachtairí le litreacha go Iarúsailéim agus go cathracha Iúdá á ordú dóibh nósanna iasachta a chleachtadh;
45. cosc a chur le hofrálacha uileloiscthe, le híobairtí, agus le hofrálacha dí sa sanctóir; sabóidí agus féilte a thruailliú;
46. an sanctóir agus na sagairt a shalú;
47. altóirí láithreacha naofa agus scrínte a thógáil d'íola, muca agus ainmhithe neamhghlana a íobairt;
48. gan a gclann mhac a thimpeallghearradh, agus iad féin a tháiriú le gach sórt mígheanmnaíochta agus gráiniúlachta,
49. i dtreo go ligfidís an dlí i ndearmad, agus a achtanna go léir a athrú.
50. “Aon duine nach gcomhlíonfaidh ordú an rí, cuirtear chun báis é.”
51. Scríobh sé teachtaireacht mar sin go gach cearn dá ríocht, agus chuir sé féitheoirí i bhfeighil an phobail go léir agus d'ordaigh sé do chathracha Iúdá íobairt a ofráil ceann ar cheann.
52. D'aontaigh a lán den phobal leo - an mhuintir go léir a thréig an dlí is é sin - agus rinne siad an t‑olc sa tír,
53. agus chuireadar iallach ar Iosrael dul i bhfolach i ngach áit dídine a bhí ar fáil.