Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Macabaech 1:42-53 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

42. agus go n‑éireodh gach duine as a shain-nósanna féin.

43. Rinne na págánaigh go léir de réir ordú an rí. Ghlac cuid mhór de na hIosraelaigh lena chreideamh chomh maith agus bhídís ag ofráil íobairtí do dhéithe bréige agus ag briseadh saoire na sabóide.

44. Chuir an rí teachtairí le litreacha go Iarúsailéim agus go cathracha Iúdá á ordú dóibh nósanna iasachta a chleachtadh;

45. cosc a chur le hofrálacha uileloiscthe, le híobairtí, agus le hofrálacha dí sa sanctóir; sabóidí agus féilte a thruailliú;

46. an sanctóir agus na sagairt a shalú;

47. altóirí láithreacha naofa agus scrínte a thógáil d'íola, muca agus ainmhithe neamhghlana a íobairt;

48. gan a gclann mhac a thimpeallghearradh, agus iad féin a tháiriú le gach sórt mígheanmnaíochta agus gráiniúlachta,

49. i dtreo go ligfidís an dlí i ndearmad, agus a achtanna go léir a athrú.

50. “Aon duine nach gcomhlíonfaidh ordú an rí, cuirtear chun báis é.”

51. Scríobh sé teachtaireacht mar sin go gach cearn dá ríocht, agus chuir sé féitheoirí i bhfeighil an phobail go léir agus d'ordaigh sé do chathracha Iúdá íobairt a ofráil ceann ar cheann.

52. D'aontaigh a lán den phobal leo - an mhuintir go léir a thréig an dlí is é sin - agus rinne siad an t‑olc sa tír,

53. agus chuireadar iallach ar Iosrael dul i bhfolach i ngach áit dídine a bhí ar fáil.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Macabaech 1