Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Macabaech 1:33-44 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

33. Ansin rinne siad cathair Dháiví a dhaingniú le balla láidir agus le túir dhaingne, agus bhí sí acu mar dhúnfort.

34. Bhuanaigh siad ann díorma de choirpigh, ropairí a chuir cóir chosanta orthu féin ann.

35. Chuir siadsan airm agus lón i dtaisce ann agus bhailigh siad creach Iarúsailéim go léir isteach ann; rinne ábhar mór caismirte díobh.

36. Rinneadh de luíochán ar an sanctóir,namhaid buan urchóideach d'Iosrael.

37. Dhoirt siad fuil neamhchiontach mórthimpeall an tsanctóra,agus shalaigh siad an sanctóir féin.

38. Theith áitreabhaigh Iarúsailéim dá mbarr,rinne áitreabh coimhthíoch di,áit dheoranta dá pór féin;thréig a clann í.

39. Bánaíodh a sanctóir mar a bheadh fásach ann;rinneadh caoineadh dá féilte,agus rinneadh asachán dá sabóidíagus aithis dá honóir.

40. Bhí a náire feasta ar chomhchéim lena glóir tráth.Rinneadh dobrón dá maorgacht.

41. Chuir an rí forógra amach ansin dá ríocht go hiomlán, ag ordú go ndéanfaí aon phobal amháin díobh uile

42. agus go n‑éireodh gach duine as a shain-nósanna féin.

43. Rinne na págánaigh go léir de réir ordú an rí. Ghlac cuid mhór de na hIosraelaigh lena chreideamh chomh maith agus bhídís ag ofráil íobairtí do dhéithe bréige agus ag briseadh saoire na sabóide.

44. Chuir an rí teachtairí le litreacha go Iarúsailéim agus go cathracha Iúdá á ordú dóibh nósanna iasachta a chleachtadh;

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Macabaech 1