Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Macabaech 1:3-15 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

3. Ghabh sé ar aghaidh go himill na cruinne agus chreach sé na náisiúin ceann ar cheann; thit tost ar an domhan roimhe agus bhorr a chroí uallach le teann díomais.

4. Bhailigh sé arm tréan cumhachtach, chuir cúigí, náisiúin, agus prionsaí faoi chois agus chuir faoina ghéillsine iad.

5. Ach tháinig an lá nuair a thug Alastar an leaba air féin, agus a fhios aige go raibh an bás chuige.

6. Chuir sé fios ar chompánaigh, uaisle a oileadh in éineacht leis óna óige, agus roinn sé a ríocht orthu fad bhí sé fós beo.

7. Bhí Alastar dhá bhliain déag i réim nuair a d'éag sé.

8. Chuir gach duine dá chompánaigh bun air féin ina dhúiche féin.

9. Ghabh gach duine díobh coróin chuige féin tar éis a bháis, rud a rinne a gclann mhac freisin ina ndiaidh ar feadh mórán blianta; agus thug siad a lán urchóidí ar an talamh.

10. D'eascair géag pheacúil uathu, Aintíochas Eipifeanaes, mac Aintíochas rí. Ba ghiall eisean sa Róimh trá.

11. Tháinig sé i gcoróin sa tseachtú bliain ar thríocha ar chéad de fhlaitheas na nGréagach. Um an dtaca sin bhorr dream coirpeach in Iosrael agus chuir siad a lán daoine ar seachrán. “Téanam,” a deiridís, “tagaimis chun réitigh leis na págánaigh atá inár dtimpeall, óir is iomaí mí-ádh a casadh orainn ó scaramar leo.”

12. Glacadh leis an moladh seo

13. agus chuaigh cuid de na daoine go fonnmhar os comhair an rí le hiarratas agus thug sé cead dóibh na deasghnátha págánacha a chleachtadh.

14. Thóg siad giomnáisiam in Iarúsailéim mar a bhíonn ag na págánaigh.

15. Chuir siad bréigriocht ar a dtimpeallghearradh, thréig siad an conradh naofa, agus ghéill siad do cheannas na bpágánach mar dhaoráin ag an olc dá ndeoin féin.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Macabaech 1