Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Macabaech 1:23-38 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

23. Thóg sé leis an t‑airgead agus an t‑ór agus na soithí luachmhara; d'aimsigh sé na seoda rúnda agus rug leis iad.

24. D'imigh sé ar ais chun a thíre féin agus an méid sin go léir á mbreith leis aige; d'fhág sé an áit ina chosair easair agus briathra mórdhíomais á gcur as aige.

25. Bhí caoineadh agus olagón ar fud Iosrael go léir:

26. Bhí uachtaráin agus seanóirí ag caoineadh;Bhí ógmhná agus ógánaigh á gcnaí;chlaochlaigh lí agus snó na mban.

27. Chrom gach fear nuaphósta ar chaoi,agus bhí gach brídeog go brónach ar a leaba lánúnais.

28. Bhí an talamh féin ar crith ar son a muintire,agus bhí teaghlach Iacóib go léir faoi aonbhrat náire.

29. Dhá bhliain ina dhiaidh sin chuir an rí ceannaire [na Míosach] ar fud cathracha Iúdá. Tháinig sé go Iarúsailéim le díorma láidir.

30. Labhair sé leo, mar dhea, i mbriathra síochánta, agus ghéill siad dó. Ach thug sé fogha go tobann faoin gcathair agus bhuail í go tubaisteach, agus scrios a lán de mhuintir Iosrael.

31. Chreach sé an chathair, chuir trí thine í, leag anuas a tithe agus na ballaí ina timpeall,

32. sciob na mná agus na leanaí leis ina mbránna, agus ghabh an t‑eallach mar chreach.

33. Ansin rinne siad cathair Dháiví a dhaingniú le balla láidir agus le túir dhaingne, agus bhí sí acu mar dhúnfort.

34. Bhuanaigh siad ann díorma de choirpigh, ropairí a chuir cóir chosanta orthu féin ann.

35. Chuir siadsan airm agus lón i dtaisce ann agus bhailigh siad creach Iarúsailéim go léir isteach ann; rinne ábhar mór caismirte díobh.

36. Rinneadh de luíochán ar an sanctóir,namhaid buan urchóideach d'Iosrael.

37. Dhoirt siad fuil neamhchiontach mórthimpeall an tsanctóra,agus shalaigh siad an sanctóir féin.

38. Theith áitreabhaigh Iarúsailéim dá mbarr,rinne áitreabh coimhthíoch di,áit dheoranta dá pór féin;thréig a clann í.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Macabaech 1