Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Croinicí 6:9-26 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

9. Tachat a mhacsan, Úiríéil a mhacsan, Uizíá a mhacsan, Seáúl a mhacsan.

10. Clann mhac Ealcáná: Amásai agus Aichímeot.

11. Ealcáná a mhacsan, Sófaí a mhacsan, Nachat a mhacsan,

12. Eilíáb a mhacsan, Iarochám a mhacsan, Ealcáná a mhacsan.

13. Clann mhac Ealcáná: Samúéil a chéadghin, Aibíá a dhara mac.

14. Clann mhac Mharáraí: Mailí, Libní a mhac,

15. Simeí a mhacsan, Haigíá a mhacsan, Asáiá a mhacsan.

16. Seo iad an mhuintir a chuir Dáiví i bhfeighil na cantaireachta i dTeampall Dháiví tar éis don áirc teacht ann go seasta.

17. Ba é a ndualgas cúram a dhéanamh den chantaireacht os comhair taibearnacal Bhoth na Teagmhála nó gur thóg Solamh Teampall an Tiarna in Iarúsailéim; de réir na rialacha a ceapadh dóibh is ea a rinne siad a gcúram.

18. Seo iad na fir a rinne seirbhís, agus a mic: De chlann mhac Chohát: Haemán an cantaire, mac Ióéil, mac Shamúéil,

19. mac Ealcáná, mac Iarochám, mac Eilíéil, mac Thóach,

20. mac Zúf, mac Ealcáná, mac Mhachat, mac Amasai,

21. mac Ealcáná, mac Ióéil, mac Azairiá, mac Zafainiá,

22. mac Thachat, mac Aisír, mac Eibiásáf, mac Chorach,

23. mac Izeár, mac Chohát, mac Léiví, mac Iosrael.

24. Sheas a dheartháir Ásáf ar dheis: Ásáf mac Bheiriciá, mac Shimeá,

25. mac Mhíocáéil, mac Bháiséiá, mac Mhíocáéil,

26. mac Eitní, mac Zearach, mac Adáiá,

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Croinicí 6